NCCA logo NCCA logo

Ráiteas Rochtana

Oifigeach Inrochtaineachta

Is í Maura Dee Oifigeach Inrochtaineachta an CNCM Tá sí freagrach as cúnamh agus treoir a chur ar fáil, a eagrú, nó a chomhordú do dhaoine faoi mhíchumas atá ag teacht ar sheirbhísí a chuireann an CNCM ar fáil agus is í an duine teagmhála ainmnithe do dhaoine faoi mhíchumas ar mian leo teacht ar sheirbhísí dá leithéid.

Is iad seo a leanas sonraí teagmhála Maura:

Seoladh: NCCA, 35 Cearnóg Mhic Liam, Baile Átha Cliath 2.

Guthán: +353 1 661 7177

R-phost

 

Inrochtaineacht an tSuímh Ghréasáin:

Leanann suíomhanna gréasáin na Comhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta treoirlínte ar inrochtaineacht atá leagtha amach ag an W3C (Feadhnacht an Ghréasáin Dhomhanda). Cruthaíonn WAI (Tionscnamh Inrochtaineachta Gréasáin) an W3C treoirlínte rochtana atá aitheanta go hidirnáisiúnta mar thagarmharcáil inrochtaineachta.

I ndearadh na suíomhanna seo, tá iarracht déanta againn cloí le Treoirlínte maidir le hinrochtaineacht ábhair ar an nGréasán (WCAG) 2.0 riachtanais (critéir rathúlachta) agus teicnicí an WAI.

Ardú méid an téacs i do bhrabhsálaí

Tabhair faoi deara gur féidir leat méid an téacs a ardú ag baint úsáide as do bhrabhsálaí.

  • do Internet Explorer nó Mozilla Firefox, roghnaigh Text Size ón roghchlár View
  • nó coimeád Ctrl brúite agus úsáid an roth ar do luchóg
  • má tá brabhsálaí eile á úsáid agat, féach Help ar an mbrabhsálaí chun foghlaim conas méid an téacs a ardú

 

Teicneolaíochtaí Reatha

Úsáideann na suíomhanna gréasáin seo teicneolaíochtaí W3C (Feadhnacht an Ghréasáin Dhomhanda) aon uair gur féidir. Dearbhaíonn leathnaigh mar Teanga Mharcála Hipirtéacs Inbhreisithe 1.0 Idirthréimhseach agus CSS2, ag cinntiú go n-oibríonn siad le réimse leathan brabhsálaithe.

Baineann an suíomh seo úsáid as na teicneolaíochtaí neamh-W3C seo a leanas chomh maith:

  • Formáid Doiciméad Iniompartha (PDF): San fhormáid seo amháin atá doiciméid áirithe ar an suíomh seo ar fáil, a éilíonn ort an bogearra Adobe Acrobat Reader saor in aisce a shuiteáil. Gheobhadh nach gcloífeadh roinnt PDFanna níos sine ná leagan 5 e Adobe Acrobat le treoirlínte inrochtaineachta.

Mura féidir leat teacht ar eolas in aon doiciméad PDF téigh i dteagmháil le R-phost.

 

Tuilleadh eolais

Má bhraitheann tú go bhfaigheadh go mbeadh sé níos fusa an suíomh gréasáin seo úsáid, nó má tá deacracht agat teacht ar aon eolas nó má bhraitheann tú nach bhfuil rochtain ar aon chuid den suíomh, seol ríomh-phost chuig R-phost agus cuir “Inrochtaineacht Suímh Gréasáin” i líne an ábhair.

Leanfaidh an CNCM ag déanamh maoirseacht ghéar ar fhorbairtí agus athruithe i dtreoirlínte WAI agus dea-chleachtas suímh ghréasáin ghinearálta.

Tá an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta tiomanta go mbeadh rochtain ag gach duine ar a suíomhanna gréasáin, gan aird ar a c(h)umas.