NCCA logo NCCA logo

Staidéar Taighde na Sraithe Sóisearaí

Is leis an gCreat don tSraith Shóisearach (2015) a múnlaíodh an teagasc, an fhoghlaim, an measúnú agus an tuairisciú sna hiar-bhunscoileanna le roinnt blianta anuas. Táthar i mbun staidéir taighde a scrúdaíonn taithí scoileanna ar a bheith ag oibriú leis an gcreat i láthair na huaire.  

Tar éis próiseas tairisceana iomaíoch, choimisiúnaigh CNCM an Scoil Oideachais in Ollscoil Luimnigh chun tabhairt faoin staidéar taighde ilghnéitheach sin ar mhodhanna measctha maidir le cur chun feidhme agus tionchar an Creat don tSraith Shóisearach a thabhairt isteach i scoileanna. 

Cruthaíonn an staidéar deis spleodrach le níos mó a fhoghlaim faoi thaithí an athraithe sa tsraith shóisearach i scoileanna, agus le léargais a fháil ar an tionchar a bhaineann le creatchuraclam nua a thabhairt isteach. 

Tá trí phrionsabal treorach ag baint leis an staidéar taighde: 

  • Neamhspleáchas: déanann taighdeoirí neamhspleácha an taighde le tiomantas morálta do shaoirse fiosrúcháin agus díospóireachta scoláire.
  • Guth: déantar iarracht sa taighde guth a thabhairt do mhúinteoirí, scoláirí, agus pobail scoile, tuismitheoirí san áireamh.
  • Freagairt agus íogaireacht don chomhthéacs: ag tarraingt ar eispéiris ó bheith ag obair le scoileanna, freagróidh an fhoireann taighde do riachtanais agus cúinsí athraitheacha scoileanna.

Tá trí ghné ag baint leis an staidéar taighde seo.

gné a haon comhdhéanta d’agallaimh le hionadaithe comhlachtaí agus gníomhaireachtaí páirtithe leasmhara.

Fiosrófar i ngné a dó pleanáil churaclaim, teagasc, foghlaim, cleachtais mheasúnaithe agus tuairiscithe i sampla ionadaíocht de 100 scoil, trí agallaimh struchtúrtha le príomhoidí scoile agus suirbhé ar líne do mhúinteoirí i mbliain a haon agus bliain a ceathair den staidéar. 

Beidh gné a trí comhdhéanta de chás-staidéir i 12 scoil, trí chuairteanna suímh i mbliain a dó agus bliain a trí den staidéar.

Foilseoidh an fhoireann taighde tuarascálacha téamacha eatramhacha ag pointí tábhachtacha i rith an staidéir, a mhairfidh ó 2020 go 2024.