NCCA logo NCCA logo

Children’s School Lives (CSL)

An staidéar náisiúnta fadaimseartha cohóirt ar an mbunoideachas in Éirinn.

Children’s School Lives (CSL)

Is staidéar spreagúil náisiúnta fadaimseartha cohóirt ar an mbunoideachas in Éirinn é Children’s School Lives (CSL)Seoladh an staidéar ar an 25 Deireadh Fómhair 2018 agus leanfar thar ar 4,000 páiste in 189 scoil i rith na mblianta a chaitheann siad ar an mbunscoil. Is é seo an tríú bliain den staidéar ina n-úsáidtear suirbhéanna agus agallaimh le páistí, múinteoirí agus tuismitheoirí, chomh maith le breathnóireachtaí sa seomra ranga, agus tabharfaidh an staidéar ceannródaíoch seo léargais shaibhre agus ghéarchúiseacha ar thaithí páistí ar an mbunscoil ar fud na hÉireann. Taispeánfaidh an staidéar freisin an chaoi a múnlaíonn an taithí sin scoileanna, agus a múnlaíonn na scoileanna an taithí, mar phobail, institiúidí agus mar chóras.

Tá ról lárnach ag an taighde in obair forbartha curaclaim uile CNCM ar leibhéal na luathbhlianta, na bunscoile agus na hiar-bhunscoile. Tá taithí páistí, agus dearcthaí a múinteoirí, bhainistíocht na scoile agus a dtuismitheoirí ar a dtarlaíonn ar scoil ina gcuid thábhachtach den chleachtas a nascadh leis an mbeartas náisiúnta. Tá teideal an staidéir, Children’s School Lives, an-fheiliúnach, agus cuirfidh an staidéar bonn eolais faoi obair CNCM chun curaclam na bunscoile a athbhreithniú agus a nuashonrú chun a chinntiú go leanfaidh sé ar aghaidh ag soláthar bonn láidir inár mbunscoileanna don teagasc agus don fhoghlaim. Gach seans go gcabhróidh na torthaí le scoileanna freisin chun a mbeartais agus a gcleachtais féin a athbhreithniú agus a fhorbairt tuilleadh.

Tá an staidéar á dhéanamh ag an gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Cuireadh tús leis an gcéad tonn de shonraí a bhailiú i Ráithe 1, 2019.

Foilsíodh an chead dá thuarascáil ón staidéar ar shuíomh gréasáin Children’s School Lives ar an 11 Nollaig 2020. Tugann Tuarascáil Bhliain a hAon léargas dúinn ar na páistí agus ar na scoileanna atá taobh thiar de Children’s School Lives agus tugann an dara tuarascáil, ‘Experiences of Remote Teaching and Learning in Ireland During the COVID-19 Pandemic (March – May 2020)’, léargas ar thionchar dhúnadh fada na scoileanna níos luaithe i mbliana ar pháistí, tuismitheoirí, múinteoirí agus ceannairí scoile.

Tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin Children's School Lives anseo.