Bhunaigh an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta an clár Taighde agus Forbartha Measúnaithe chun tacú le heolas ar theoiric agus ar chleachtas measúnaithe oideachasúil, le rannpháirtíocht iontu agus le machnamh criticiúil orthu. Sa chéim tosaigh seo, cuireadh béim ar leith ar thograí a bhain le sraith shóisearach an iar-bhunoideachais, ach breithníodh tograí a bhain le measúnú in oideachas na luathóige, na bunscoile nó na sraithe sinsearaí in Éirinn chomh maith.
Tá tionscnamh 2015 críochnaithe anois. Taispeánadh na tionscadail thaighde críochnaithe ag imeacht an 29 Meán Fómhair 2016. Tá na tuarascálacha deiridh ó na tionscadail thaighde ar fáil.
Bernie Judge, Fiona Kearney agus Eadaoin Hayes. Scoil Oideachas le Chéile Hansfield
Rinneadh Tionscadal Taighde Gníomhaíochta i scoil uirbeach úrnua chun forbairt a dhéanamh ar choincheap na foghlama comhtháite agus an chaoi go bhféadfaí í a úsáid leis an bhfoghlaim a éascú sa tsraith shóisearach. Fáiltíodh roimh thuairimí na scoláirí, na dtuismitheoirí agus na foirne. Chuir sé le tuiscint agus cleachtas na foirne, go speisialta maidir leis an bhFoghlaim Chomhtháite. Is scéal é faoin turas tríd an bpróiseas ón réamhphleanáil chomhoibríoch, go dtí an feidhmiú agus ar aghaidh go dtí an tsúil siar agus measúnú criticiúil.
Fergal Flanagan, Ollscoil Mhá Nuad
Ba é aidhm ghinearálta na topaice seo iniúchadh a dhéanamh ar an tionchar a bhí ag imeachtaí roimh agus i ndiaidh an chéad chogadh domhanda ar Éirinn. Agus béim mhór á leagan ar iniúchadh agus anailís a dhéanamh ar fhoinsí príomha mar chuid thábhachtach den siollabas seo, beartaíodh dul siar ar na topaicí trí úsáid a bhaint as cáipéisí príomha tábhachtacha. Chabhródh sé seo scileanna comhoibríocha a fhorbairt trí obair ghrúpa a éascú sa tsúil is go gcothófar éiteas níos fearr bunaithe ar an bhfoghlaim chomhtháite agus forbairt scileanna.
Geraldine Dillon, Coláiste Choill Chluana Gabhann
Déanann an taighde seo iniúchadh ar úsáid Chomhchreat Tagartha na hEorpa agus Phunann na dTeangacha Eorpacha i seomra ranga fhoghlaim na Gaeilge, ar a dtugtar CEFR agus ELP faoi seach.
Baineadh úsáid as CEFR agus ELP chun scoláirí na chéad bhliana a spreagadh i bpróiseas féinmheasúnaithe ar a gcumas agus a bhforbairt i bhfoghlaim na Gaeilge. Sa taighde, cuireadh spéis i gcúrsaí praiticiúla agus an CEFR agus an ELP á gcur in oiriúint don chomhthéacs áirithe seo, ach níos tábhachtaí, pléadh an taithí a bhí ag na scoláirí féin ar na próisis a bhí i gceist agus a dtionchar, más ann, ar a gcuid foghlama sa Ghaeilge.
Marianne Checkley, iScoil, Warrenmount, Baile Átha Cliath 8.
Bhain an taighde seo le hábhar a dhearadh a thugann deis do mhúinteoirí gníomhaíochtaí a athrú ar mhaithe le foghlaimeoirí a fhad is a chinntítear ardchaighdeán na dtreoracha measúnaithe.
Ba é aidhm na taighde seo cur leis an gcur chuige foghlama fadhb-bhunaithe agus deiseanna measúnaithe a leathnú. Ba mhaith linn treoracha foghlama fadhb-bhunaithe a dhearadh chun cur ar chumas ár bhfoghlaimeoirí a bPríomhscileanna a fhorbairt de réir chritéir na Sraithe Sóisearaí laistigh de chreat foghlama fadhb-bhunaithe. Is éard a bhí i gceist leis an tionscadal:
Joanne Ford, St. Joseph's, Leamhcán.
Tá dhá ghné sa staidéar taighde seo:
Féachann an taighde seo le leas a bhaint as foinse shaibhir taithí agus eolais na foirne múinteoireachta. Cuireann múinteoir a bhfuil taithí aige/aici forbairt ghairmiúil leanúnach shaincheaptha ar fáil i bhfoirm stiúradh taighde do ghrúpa de thriúr múinteoirí agus iad ag déanamh iniúchta ar a spéiseanna gairmiúla féin agus ag iarraidh an mhúinteoireacht agus an fhoghlaim a fheabhsú ina seomraí ranga.
Oibreoidh triúr múinteoirí le chéile chun coiste foghlama múinteoirí a bhunú agus déanfaidh siad cinneadh maidir le topaic leathan a ndéanfar taighde uirthi lena n-ionchuir féin, e.g. foghlaim neamhspleách scoláirí. Déanfaidh siad staidéar beag ina seomraí ranga féin agus críochnóidh siad tuarascáil taighde chomhoibríoch mar ghrúpa.
Kevin Donohoe, Ollscoil Mhá Nuad
Faoi anáil Phríomhscileanna an Teastais Shóisearaigh agus na Ráiteas Foghlama ábhartha, déanann an taighde seo iniúchadh ar fhorbairt agus ar mheasúnú na bpríomhscileanna a fhad is a bhíonn scoláirí ag foghlaim trí úsáid a bhaint as réimse leathan cáipéisí ar líne agus cáipéisí príomha, idir cháipéisí físiúla agus cháipéisí closamhairc.
Ba é aidhm na taighde seo:
Clare Ryan, Coláiste Leo, Ceatharlach.
Dhírigh an taighde ar ghnéithe tábhachtacha áirithe:
Marie Darmody, Coláiste Phádraig.
Is í feidhm na taighde seo eolas bonnlíne a fháil maidir leis na tuairimí atá ag múinteoirí iarbhunscoile ar an measúnú i bPoblacht na hÉireann
Tá go leor athruithe ag tarlú faoi láthair in Éirinn ó thaobh curaclaim agus measúnaithe agus is iad na múinteoirí atá i mbun na n-athruithe seo. Nuair a thiocfaidh na modhanna nua measúnaithe i bhfeidhm, beidh ról breise ag múinteoirí i bpróiseas an mheasúnaithe. Tugann tuairimí múinteoirí léargas dúinn don aistriú ó bheartas go cleachtas, áfach, agus dá bhrí sin, agus iniúchadh á dhéanamh ar chur i bhfeidhm an leasaithe measúnaithe, caithfimid eolas a bheith againn ar cad a shíleann múinteoirí faoi nádúr agus fheidhm an mheasúnaithe.
Glactar le dearadh neamhthrialach agus trasghearrthach sa staidéar seo a fhéachann ar shampla mór múinteoirí iarbhunscoile in Éirinn trí úsáid a bhaint as an leagan neamhghiorraithe den Teachers’ Conceptions of Assessment Inventory (TCoA-IIIA) de chuid Brown (2006).
Michael McNamara, Ollscoil Mhá Nuad.
Is é is cuspóir don staidéar seo iniúchadh a dhéanamh ar an tionchar a bhíonn ag measúnú caighdeánaithe i mbunscoileanna na hÉireann trí lionsa taithí idirnáisiúnta, chomh maith le féachaint ar threochtaí reatha ina thaobh seo.
Ar mhaithe le scrúdú cuimsitheach ar an topaic seo a chinntiú, tá ceithre leibhéal tionchair á meas go straitéiseach:
Niamh Burke, Ollscoil Mhá Nuad.
Staidéar comparáideach trasnáisiúnta a dhéanann iniúchadh ar chur i bhfeidhm an mheasúnaithe fhoirmithigh in Éirinn agus in Albain. Cuspóirí taighde: Iniúchadh a dhéanamh ar na cúinsí cultúrtha agus comhthéacsúla a mbíonn éifeacht acu ar chórais mheasúnaithe ag an leibhéal macra, méisea, agus micrea, lena n-áirítear beartas agus curaclam, cúinsí comhthéascúla scoile agus cultúr an tseomra ranga aonair. Iniúchadh a dhéanamh ar chleachtas an mheasúnaithe fhoirmithigh i rith ceachtanna eolaíochta agus iniúchadh a dhéanamh ar na straitéisí atá forleathan, cé a bhfuil baint acu le próisis mheasúnaithe agus an chaoi a gcuirtear MF i bhfeidhm i rith na gceachtanna. Fiosraigh na dúshláin agus na féidearthachtaí a bhaineann le foghlaim agus cleachtadh beartais maidir le hoideachas dara leibhéal ar fud na hAlban agus na hÉireann laistigh de chomhthéacsanna beartais náisiúnta reatha.
Katie Gilligan, An Institiúid Oideachais, Coláiste na hOllscoile, Londain.
Is é príomhaidhm an staidéir seo iniúchadh a dhéanamh ar na naisc idir scileanna ar spásacht agus scileanna matamaitice le linn na forbartha i leanaí idir 5-10 mbliana d'aois. Féachann sé freisin le léargas a thabhairt ar phatrúin léirithe tascanna Spásúlachta
agus Matamaitice le linn na forbartha.
Conclúidí
Ruth Chadwick, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath
Cosúlacht idir an Curaclam Barr Feabhais (CfE) in Albain agus an tsonraíocht athbhreithnithe don eolaíocht sa tsraith shóisearach in Éirinn is ea an úsáid a bhaintear as tasc taighde socheolaíochta don mheasúnú foirmiúil; an tIniúchadh Eolaíochta Éireannach sa tSochaí agus an Tasc Náisiúnta 5 Albanach. D'fhéach an taighde seo le: Scrúdú a dhéanamh ar cé mar a thagann príomhaidhmeanna agus critéir mharcála an Taisc Náisiúnta 5 le cineálacha ábaltachtaí agus eolais ar litearthacht eolaíochta an Chláir Idirnáisiúnta um Measúnú Daltaí (PISA) Iniúchadh a dhéanamh ar fhorbairt agus mheasúnú ábaltachtaí an Chláir Idirnáisiúnta um Measúnú Daltaí (PISA) agus an eolais ar an litearthacht eolaíochta trí scrúdú a dhéanamh ar chleachtas laethúil múinteoirí agus scoláirí a bhfuil an Tasc Náisiúnta 5 ar bun acu. Iniúchadh a dhéanamh ar litearthacht eolaíochta sa chúrsa CfE Náisiúnta 5, tríd an tasc taighde socheolaíochta, an Tasc. Déanfar é seo trí scrúdú a dhéanamh ar obair scoláirí ina bhfuil ábaltachaí á dtaispeáint agus ag na leibhéil a bhfuil siad á dtaispeáint. Iniúchadh a dhéanamh ar thuairimí múinteoirí maidir le hábaltachtaí an Chláir Idirnáisiúnta um Measúnú Daltaí (PISA) agus le heolas ar litearthacht eolaíochta atá á bhforbairt agus á meas, agus é seo a chur i gcomparáid leis an méid atá in obair na scoláirí. Iniúchadh a dhéanamh ar thuairimí scoláirí maidir le hábaltachtaí an Chláir Idirnáisiúnta um Measúnú Daltaí agus eolas ar litearthacht eolaíochta atá á fhorbairt agus á mheas, agus é seo a chur i gcomparáid leis an méid atá léirithe in obair na scoláirí.
© 2025 An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta. Gach ceart ar cosaint.