Is comhlacht reachtúil de chuid na Roinne Oideachais í an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM).
Ceapann an tAire cúig bhall is fiche ar an gComhairle ar feadh tréimhse trí bliana. Déanann na comhaltaí ionadaíocht ar na comhpháirtithe oideachais, tionscail agus ceardchumainn, ar eagraíochtaí na dtuismitheoirí agus ar leasanna oideachais eile. Bíonn ainmní amháin de chuid an Aire Oideachais agus Scileanna agus ainmní amháin de chuid an Aire Leanaí agus Gnóthaí Óige ar an gComhairle freisin. Ceapann an tAire Oideachais agus Scileanna an Cathaoirleach. Féach ar chomhaltaí na Comhairle anseo.
Tacaíonn trí bhord agus roinnt meithleacha forbartha le hobair na Comhairle. Déanann na comhaltaí ar na boird agus meithleacha sin ionadaíocht ar pháirtithe leasmhara atá cosúil leis an gComhairle. Féach ar ár mBoird agus Meithleacha Forbartha anseo.
Bíonn an Príomhoifigeach Feidhmiúcháin i bhfeighil ar obair na Comhairle ó lá go lá, le tacaíocht ó fhoireann feidhmiúcháin lánaimseartha.
Cuireann CNCM comhairle ar an Aire Oideachais maidir le:
Forbraítear an chomhairle sin ag baint úsáide as Taighde, Plé, Comhairliú agus Líonrú.

Leagann an Chomhairle a cuid tosaíochtaí amach i bplean straitéiseach trí bliana. Cuireann na tosaíochtaí úd leis an bhfís iomlán maidir le fhorbairtí nuálacha san oideachas a chur chun cinn ar mhaithe le maireachtáil, foghlaim agus dul i mbun oibre i ndomhan atá ag athrú. Léigh an Plean Straitéiseach anseo.
Cé nach bhfuil CNCM freagrach as athruithe curaclaim a chur i bhfeidhm, tacaíonn sí le hathruithe oideachasúla i suíomhanna luath-óige agus i scoileanna trí réimse leathan d’ábhair thacaíochta, ar nós samplaí cleachtais, sraitheanna straitéisí ar líne, agus áiseanna pleanála a fhorbairt agus trí obair as lámh a chéile leis na daoine a chuireann forbairtí nua ar fáil do chleachtóirí agus do mhúinteoirí araon.
© 2025 An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta. Gach ceart ar cosaint.