Bunaíodh an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) faoin Acht Oideachais, 1998. Leagtar amach feidhmeanna na Comhairle in Alt VII den Acht. Tá an Chomhairle cuntasach don Aire Oideachais agus freagrach as rialachas maith a chinntiú.
Tugann an Chomhairle faoin tasc sin ag leagan spriocanna agus gníomhaíochtaí straitéiseacha amach agus ag déanamh cinntí straitéiseacha i ngach príomhréimse dá cuid oibre. Tá an Príomhoifigeach Feidhmiúcháin agus an fhoireann ardbhainistíochta freagrach as bainistíocht, rialú agus treoir laethúil CNCM. Ní mór don Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin agus don fhoireann ardbhainistíochta cloí leis an treoir straitéiseach leathan a shonraíonn an Chomhairle agus tá orthu a áirithiú go bhfuil tuiscint shoiléir ag gach duine de chomhaltaí na Comhairle ar na príomhghníomhaíochtaí agus na cinntí a bhaineann leis an gComhairle agus ar aon riosca suntasach a d’fhéadfadh teacht chun cinn. Gníomhaíonn an Príomhoifigeach Feidhmiúcháin mar idirghabhálaí díreach idir Comhairle agus lucht bainistíochta CNCM.
Leagtar amach obair agus freagrachtaí na Comhairle san Acht Oideachais, 1998 (Alt VII), agus sa sceideal a ghabhann leis. Is iad seo a leanas na cúrsaí a ndéanann an Chomhairle amháin cinntí ar a son:
Cuirtear tuairiscí airgeadais agus bainistíochta le chéile agus déanann an Chomhairle breithniú orthu ar bhonn ráithiúil. Déantar an Plean Oibre agus an t-athbhreithniú ar fheidhmíocht an phlean oibre a bhreithniú go bliantúil. Déantar cúrsaí forchoimeádta a bhreithniú nuair a thagann siad chun cinn.
Tá an Chomhairle freagrach as an bplean agus an buiséad bliantúil mar aon leis na ráitis airgeadais bhliantúla a fhaomhadh. Tugtar faoi mheasúnú ar fheidhmíocht CNCM faoi threoir an phlean agus an bhuiséid bhliantúil.
Tá an Chomhairle freagrach as a sócmhainní a chosaint freisin, agus dá bhrí sin, as céimeanna réasúnta a thógáil chun calaois agus neamhrialtachtaí eile a chosc agus a aimsiú.
Tá Cathaoirleach amháin, beirt Leas-Cathaoirleach agus 22 gnáthchomhalta ar an gComhairle, agus ceapann an tAire Oideachais na daoine sin uile ar bhonn ainmniúcháin a fhaightear ó cheardchumainn múinteoirí, boird bainistíochta, eagraíochtaí tuismitheoirí agus tionscail agus eagraíochtaí eile. Féach ar an liosta de chomhaltaí na Comhairle anseo.
Bhunaigh an Chomhairle dhá choiste, an Coiste Iniúchóireachta agus Riosca agus an Coiste Rialachais. Leagtar amach na freagrachtaí a tharmligeann an Chomhairle ar na fochoistí sin ina dTéarmaí Tagartha.
Tá ceathrar comhaltaí de chuid na Comhairle agus comhalta neamhspleách amháin ag a bhfuil saineolas airgeadais agus iniúchta ar an gCoiste Iniúchóireachta agus Riosca. Is é ról an Choiste tacaíocht a thabhairt don Chomhairle faoina freagrachtaí maidir le ceisteanna riosca, rialaithe, rialachais agus an dearbhú a bhaineann leo.
Tá an Coiste Iniúchóireachta agus Riosca neamhspleách ar bhainistíocht airgeadais na heagraíochta. Cinntíonn an Coiste go ndéantar monatóireacht ghníomhach agus neamhspleách ar na córais rialaithe inmheánaigh, lena n-áirítear gníomhaíochtaí iniúchta. Tuairiscíonn an Coiste don Chomhairle i ndiaidh gach cruinnithe, agus go foirmiúil i scríbhinn ar bhonn bliantúil.
Tá triúr comhaltaí de chuid na Comhairle agus comhalta neamhspleách amháin ar an gCoiste Rialachais. Is é ról an Choiste tacaíocht a thabhairt don Chomhairle maidir le ceanglais dhlíthiúla agus reachtúla a chomhlíonadh, mar aon le dea-chleachtas a ghlacadh i leith an rialachais.
Tá beartais agus nósanna imeachta i bhfeidhm ag an gComhairle sna príomhréimsí chun an Cód Cleachtais chun Comhlachtaí Stáit a Rialú a chomhlíonadh.
Tá Comhaontú Maoirseachta agus Seachadta Feidhmíochta i bhfeidhm idir an Roinn Oideachais agus Scileanna agus CNCM, agus clúdaítear cúrsaí rialachais, feidhmíochta, maoinithe agus caidrimh tuairiscithe ann.
Tá CNCM meáite ar thimpeallacht oiriúnach a chothú le dul i ngleic le hábhair imní i dtaca le héagóir fhéideartha san ionad oibre agus ar an tacaíocht riachtanach a chur ar fáil d’oibrithe le go bhféadann siad fíor-ábhair imní a tharraingt anuas. Is é is cuspóir leis an mBeartas seo um Nochtadh Cosanta ná oibrithe CNCM nó aon duine a oibríonn nó d’oibrigh do CNCM a spreagadh le héagóir a nochtadh agus cosaint a chur ar fáil don duine a dhéanann an nochtadh.
© 2025 An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta. Gach ceart ar cosaint.