Tá sé de cheart ag páistí agus daoine óga a gcuid tuairimí féin “a chur i láthair go hoscailte i ngach gné a bhaineann leis an leanbh, le haird chuí á thabhairt ar thuairimí an linbh i gcomhréir le haois agus le haibíocht an linbh” (Airteagal 12 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh).
Is mór ag CNCM dearcadh uathúil páistí agus daoine óga ar fhoghlaim, teagasc agus scolaíocht agus aithníonn sí gur cheart deiseanna a thabhairt dóibh chun a n-oideachas a mhúnlú. (Cook-Sather, 2006).
Theastaigh ón staidéar taighde ar Ghuth an Fhoghlaimeora (2014–2017) aghaidh a thabhairt ar dhá chuspóir:
Tá an staidéar taighde ar Ghuth an Fhoghlaimeora ar fáil anseo.
Curaclam Comhtháite Idirbheartach
Bhain an Curaclam Comhtháite Idirbheartach le múinteoirí ag idirbheartú agus ag cur an curaclam i bhfeidhm lena scoláirí bunaithe ar ábhar imní na scoláirí.
Is tionscadal Erasmus é Guth an Scoláire – Droichead chun na Foghlama (2016–2019) a bhfuil d’aidhm leis a chur ar chumas scoláirí páirt bhríoch agus chomhoibríoch a ghlacadh i bhfeabhas a chur ar a dtaithí ar an scoil, a rannpháirtíocht san fhoghlaim a spreagadh, agus an caidreamh idir múinteoirí agus scoláirí a fheabhsú.
Tá CNCM ag obair i gcomhar leis an tSraith Shóisearach do Mhúinteoirí agus comhghleacaithe sa tSlóivéin, an Ísiltír, an Ungáir agus Albain.
© 2025 An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta. Gach ceart ar cosaint.