NCCA logo NCCA logo

Molfeasa Research Alive

Conas gur féidir tacú le múinteoirí a gcleachtas a cheangal le taighde agus le taighdeoirí agus múinteoirí eile?


Tá an cheist seo i gceartlár na hoibre ag trí eagraíocht náisiúnta, an Lárionad do Sheirbhísí Éifeachtacha (CES), an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) agus an Chomhairle Mhúinteoireachta – Meitheal Taighde Beo.

#molfeasa

Ciallaíonn an téarma Gaeilge "mol feasa" "croílár na heagna/an eolais/na foghlama". Bainimid úsáid as an haischlib seo ar na meáin shóisialta chun úsáid taighde a chur chun cinn maidir le teagasc agus foghlaim. Díríonn sé ar léirmhíniú leathan taighde, lena n-áirítear taighde acadúil agus taighde feidhmeach agus tarraingeoidh sé as saothar agus smaointe taighdeoirí-múinteoirí agus daoine atá ag obair mar thaighdeoirí araon.

Téáchérs díscússíng á tópíc át á cónsúltátíón évént

Glac páirt

Míle buíochas leo siúd go léir a chabhraigh leis na smaointe a chur in oiriúint go dtí seo, ag imeachtaí agus ag comhdhálacha múinteoirí. Más mian leat, seol ríomhphost maidir le do smaointe chuig molfeasa@ncca.ie.