Tacaíonn gréasán an CIDREE le leathnú eolais agus oilteachta na n-oideoirí proifisiúnta. Is iad príomheagraíochtaí na dtíortha éagsúla a chuireann comhairle faoi pholasaithe proifisiúnta ar fáil do na hAirí faoi ghnéithe tábhachtacha an oideachais atá ina mbaill. Is ball bunaithe den líonra seo í an CNCM. Cuireann sé seo go mór le luach ár n-imeachtaí mar gheall ar an saineolas, éifeachtúlacht agus críochnúlacht leathnaithe atá aici agus í ag tabhairt faoi thaighde agus faoi fhorbairt oideachasúil. Ciallaíonn ballraíocht an ghréasáin seo gur féidir leis an gCNCM cur le agus a bheith i bhfeidhm ar threochtaí náisiúnta agus idirnáisiúnta, ar fhorbairtí agus ar cheisteanna faoi, mar shampla:
Tá Comhdháil an CIDREE 2017 á reáchtáil againn i gCaisleán Bhaile Átha Cliath ar an 9 Samhain, 2017. Is é Folláine agus Leas téama na comhdhála. Seolfar leabhrán CIDREE 2017, a bhfuil ailt faoi théamaí ar leith na mballstát ann, ag an gComhdháil seo.
Chun níos mó eolas a fháil amach faoi CIDREE agus a chuid foilseachán, téigh chuig www.cidree.org.
© 2025 An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta. Gach ceart ar cosaint.