Boird agus Grúpaí Forbartha
I struchtúr reatha an CNCM, is Boird a déanann maoirseacht ar obair curaclaim agus measúnaithe in oideachas luath-óige agus bunscoile, sa tsraith shóisearach agus sa tsraith shinsearach. Tá an mhaoirseacht tábhachtach lena chinntiú go rannchuidíonn snáitheanna na forbartha le hiomlán comhsheasmhacha do scoileanna agus cásanna luath-óige. Tá sé de chúram ar Bhoird a chinntiú go ndéantar forbairt curaclaim agus measúnaithe de réir téarmaí na gcúraim comhaontaithe, athbhreithniú a dhéanamh ar gach snáithe oibre laistigh den earnáil i gcomhthéacs gach ceann de na snáitheanna eile. Tá an deis ag boird freisin saincheisteanna suntasacha a phlé de réir mar a thagann siad chun cinn laistigh de gach earnáil agus naisc a dhéanamh le forbairtí in earnálacha eile.
Chun bonn láidir, ionadaíoch agus freagrúil a sholáthar dá hobair curaclaim agus forbartha, bhunaigh CNCM Grúpaí Forbartha chun tabhairt faoi thascanna sonracha i réimsí curaclaim nó in ábhair.
Tá liosta de na Boird agus Grúpaí Forbartha atá ag feidhmiú faoi láthair thíos.
Boird
Grúpaí forbartha
© 2025 An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta. Gach ceart ar cosaint.