Sceideal comhairliúcháin
Mar gheall ar COVID-19 agus an staid dhúshlánach a bhfuil scoileanna ag obair ann faoi láthair, trí leasuithe ar an amlíne le haghaidh comhairliúcháin ar an Dréachtchreat Curaclaim Bunscoile, rachaidh an NCCA i dteagmháil arís le múinteoirí, ceannairí scoile, tuismitheoirí agus leanaí ar an dréachtchreat sa 2021 / 2022 scoilbhliain. Dá bharr sin, leasófar amlíne an chomhairliúcháin ar an Dréacht-Churaclam Matamaitice Bunscoile chun an comhairliúchán ar an Dréachtchreat Curaclaim Bunscoile a chur san áireamh. Tuilleadh faisnéise le leanúint.
Páipéir thaighde
Anuas ar an tacar cuimsitheach taighde atá mar bhonn agus mar thaca ag Curaclam nua Matamaitice na Bunscoile, tá sraith de chúig pháipéar ghearra taighde ar fáil anois freisin. Dírítear sna páipéir thaighde sin, ar scríobh scoláirí móra Éireannacha sa réimse iad, ar an teagasc agus ar an bhfoghlaim i ranganna sinsearacha na bunscoile ar fud na gcúig phríomhréimse mhatamaiticiúla: An tAilgéabar, Sonraí agus Seansúlacht, an tUimhreas, Tomhais, Cruth agus Spás. Scrúdaítear sna páipéir na príomhchoincheapa matamaiticiúla a bhfuil sé tábhachtach go bhfoghlaimeodh páistí iad, na príomhscileanna agus na próisis a rachaidh na páistí i ngleic leo agus iad ag foghlaim mar aon leis na príomhtheachtaireachtaí chun tacú leis an gcuraclam a chur chun feidhme sa seomra ranga.
Gheobhaidh tú naisc chuig na cúig pháipéar thíos:
Taighde breise maidir leis an teagasc agus leis an bhfoghlaim i ranganna sinsearacha na bunscoile
Anuas ar an taighde cuimsitheach a rinneadh maidir leis an matamaitic a theagasc agus a fhoghlaim i gcás páistí idir 4-8 mbliana d’aois, choimisiúnaigh CNCM tacar nua taighde a théann i ngleic le teagasc agus foghlaim i gcás na bpáistí atá i ranganna sinsearacha na bunscoile. Áirítear na nithe seo a leanas leis an taighde:
Aguisín taighde leis na Buntuarascálacha Taighde 17 & 18 dar teideal 'Learning and Teaching Primary Mathematics'. Sa pháipéar cuimsitheach taighde seo, a scríobh Dr Therese Dooley (2019), dírítear ar mheánbhlianta agus ar bhlianta deireanacha na bunscolaíochta chun príomhsmaointe agus breathnuithe don teagasc agus don fhoghlaim a fhiosrú.
Sraith de chúig pháipéar ghearra taighde a bhaineann le cúig phríomhréimse na foghlama matamaiticiúla ina bpléitear na príomhchoincheapa foghlama, na próisis mhatamaiticiúla agus na príomhtheachtaireachtaí don chur chun feidhme sa seomra ranga.
Tuarascáil ar an gComhairliúchán
Reáchtáladh comhairliúchán ar Churaclam na Matamaitice Bunscoile ó Rang na Naíonán Sóisearach go Rang a Dó ó Dheireadh Fómhair 2017 go Márta 2018. Tá an tuarascáil ar an gcomhairliúchán seo foilsithe anois. Forbraíodh físeán tionlacain chun achoimre a dhéanamh ar an gcomhairliúchán agus is féidir breathnú air thíos. Ba mahaith linn buíochas a ghabháil le gach duine a ghlac páirt sa chomhairliúchán.
Anseo thíos, tá ábhar tacaíochta breise i gcomhair churaclam matamaitice na bunscoile.
© 2025 An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta. Gach ceart ar cosaint.