Chun athbhreithniú agus athfhorbairt a dhéanamh ar an gcuraclam bunscoile, ní mór tuiscint chuimsitheach a bheith againn ar staidéir churaclaim agus foilseacháin faoin gcuraclam, idir náisiúnta agus idirnáisiúnta. Tugtar aird freisin ar thaighde faoi churaclaim agus ar threochtaí i leith curaclam ar an leibhéal idirnáisiúnta.
Bhí CNCM ag obair i gcomhar le taighdeoirí náisiúnta agus idirnáisiúnta chun sraith páipéar gearr a fhorbairt faoi phríomhghnéithe curaclaim. Clúdaítear topaicí éagsúla sna páipéir, lena n-áirítear léirmheas ar churaclam na bliana 1999, luachanna agus tosaíochtaí i leith an oideachais, príomhinniúlachtaí, comhtháthú agus measúnú. Ina measc freisin tá iniúchadh ar fhorbairtí curaclaim i ndlínsí eile.
Mar chuid de Déanann Teangacha Nasc: Straitéis do Theangacha Iasachta san Oideachas in Éirinn 2017-2026 (An Roinn Oideachais agus Scileanna, 2017), choimisiúnaigh an CNCM doiciméad eolais ar chomhtháthú féideartha nuatheangacha iasachta sa churaclam bunscoile athfhorbartha. Léigh an páipéar cúlra anseo.
Cuireadh an leabhrán eolais seo chuig gach bunscoil i mí an Mheithimh 2019. Leagtar amach ann an fáth a bhfuil CNCM ag tabhairt faoin gcuraclam bunscoile a athbhreithniú agus a athfhorbairt, an obair atá déanta go dtí seo, na tuairimí atá á gcur in iúl dúinn agus na chéad chéimeanna eile. Rud atá tábhachtach, tá moltaí ann faoi conas is féidir leatsa agus do scoil féin a bheith páirteach san obair sin. Is féidir leat an leabhrán a léamh anseo
© 2025 An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta. Gach ceart ar cosaint.