NCCA logo NCCA logo

Bhunaigh CNCM Fóram Scoileanna, a bhfuil 43 scoil ar fud na tíre páirteach ann, idir bhunscoileanna, iar-bhunscoileanna agus réamhscoileanna. Tá sé seo leathnaithe anois go 60 scoileanna agus le chéile, léiríonn siadsan éagsúlacht shaibhir na gcomhthéacsanna scoile in Éirinn. Tagann múinteoirí agus cleachtóirí le chéile gach 4-6 seachtaine chun treoir a chur ar fáil don athbhreithniú agus athfhorbairt ar an gcuraclam bunscoile agus dul i bhfeidhm ar an obair sin. Mar a dúirt múinteoir amháin, is spás é an Fóram Scoileanna inar féidir machnamh a dhéanamh ar cheisteanna móra amhail an rud ar a leagaimid fiúntas san oideachas, cuspóir an oideachais, cad is ceart a mhúineadh do pháistí agus conas is ceart é a mhúineadh, cén rud a mbaineann tábhacht leis faoi láthair agus conas is féidir linn freastal ar an am atá le teacht.

  • A bhuí leis an bhFóram Scoileanna, tá deiseanna le tapú ag CNCM an méid seo a leanas a dhéanamh:

    • A bheith ag obair le múinteoirí/cleachtóirí agus le scoileanna/réamhscoileanna mar ghníomhairí lárnacha i dtaobh fhorbairt an churaclaim

    • Cur leis na páipéir ghearra thaighde, na seimineáir faoin gcuraclam agus próisis inmheánacha CNCM ar leibhéal an chleachtais

    • Foghlaim ó scoileanna/réamhscoileanna toisc gur iontu a dhéantar an curaclam a fhorbairt

    • Aiseolas fiúntach a fháil faoin taighde

    • Tráchtaireacht agus aiseolas a spreagadh faoi athbhreithniú agus athfhorbairt an churaclaim bunscoile.

     

     

  • A bhuí leis an bhFóram Scoileanna, tá deiseanna le tapú ag scoileanna/réamhscoileanna an méid seo a leanas a dhéanamh:

    • Foghlaim faoi na próisis atá i gceist le hathbhreithniú agus athfhorbairt an churaclaim bunscoile

    • A bheith ag obair as lámha a chéile, agus a gcuid smaointe, taithí agus moltaí a chomhroinnt maidir leis an gcur chuige a ghlacfar amach anseo i dtaobh curaclam athfhorbartha bunscoile

    • An taighde a bhunú ar chleachtas trí aiseolas a thabhairt, ón bhfoireann go léir nó ó dhuine aonair, ar shraith páipéar taighde

    • An obair a dhéanann an Fóram Scoileanna a chomhroinnt ar leibhéal áitiúil, mar shampla, trí Bhoird Bhainistíochta, Cumainn Tuismitheoirí agus líonraí áitiúla eile.