NCCA logo NCCA logo

Curaclam Matamaitice

Tá faisnéis ar fáil sa roinn seo maidir le forbairt an churaclaim Mhatamaitice.

Sceideal comhairliúcháin

Mar gheall ar COVID-19 agus an staid dhúshlánach a bhfuil scoileanna ag obair ann faoi láthair, trí leasuithe ar an amlíne le haghaidh comhairliúcháin ar an Dréachtchreat Curaclaim Bunscoile, rachaidh an NCCA i dteagmháil arís le múinteoirí, ceannairí scoile, tuismitheoirí agus leanaí ar an dréachtchreat sa 2021 / 2022 scoilbhliain. Dá bharr sin, leasófar amlíne an chomhairliúcháin ar an Dréacht-Churaclam Matamaitice Bunscoile chun an comhairliúchán ar an Dréachtchreat Curaclaim Bunscoile a chur san áireamh. Tuilleadh faisnéise le leanúint.

 

Páipéir thaighde

Anuas ar an tacar cuimsitheach taighde atá mar bhonn agus mar thaca ag Curaclam nua Matamaitice na Bunscoile, tá sraith de chúig pháipéar ghearra taighde ar fáil anois freisin. Dírítear sna páipéir thaighde sin, ar scríobh scoláirí móra Éireannacha sa réimse iad, ar an teagasc agus ar an bhfoghlaim i ranganna sinsearacha na bunscoile ar fud na gcúig phríomhréimse mhatamaiticiúla: An tAilgéabar, Sonraí agus Seansúlacht, an tUimhreas, Tomhais, Cruth agus Spás. Scrúdaítear sna páipéir na príomhchoincheapa matamaiticiúla a bhfuil sé tábhachtach go bhfoghlaimeodh páistí iad, na príomhscileanna agus na próisis a rachaidh na páistí i ngleic leo agus iad ag foghlaim mar aon leis na príomhtheachtaireachtaí chun tacú leis an gcuraclam a chur chun feidhme sa seomra ranga.

Gheobhaidh tú naisc chuig na cúig pháipéar thíos:

 

 

Taighde breise maidir leis an teagasc agus leis an bhfoghlaim i ranganna sinsearacha na bunscoile

Anuas ar an taighde cuimsitheach a rinneadh maidir leis an matamaitic a theagasc agus a fhoghlaim i gcás páistí idir 4-8 mbliana d’aois, choimisiúnaigh CNCM tacar nua taighde a théann i ngleic le teagasc agus foghlaim i gcás na bpáistí atá i ranganna sinsearacha na bunscoile. Áirítear na nithe seo a leanas leis an taighde:

Aguisín taighde leis na Buntuarascálacha Taighde 17 & 18 dar teideal 'Learning and Teaching Primary Mathematics'. Sa pháipéar cuimsitheach taighde seo, a scríobh Dr Therese Dooley (2019), dírítear ar mheánbhlianta agus ar bhlianta deireanacha na bunscolaíochta chun príomhsmaointe agus breathnuithe don teagasc agus don fhoghlaim a fhiosrú.

Sraith de chúig pháipéar ghearra taighde a bhaineann le cúig phríomhréimse na foghlama matamaiticiúla ina bpléitear na príomhchoincheapa foghlama, na próisis mhatamaiticiúla agus na príomhtheachtaireachtaí don chur chun feidhme sa seomra ranga. 

  • Algebra in the senior primary classes - An Dr Aisling Twohill (2020)
  • Data and Chance in the senior primary classes - An Dr Aisling Leavy (2020)
  • Measures in the senior primary classes – An Dr Siún Nic Mhuirí (2020)
  • Number in the senior primary classes – An Dr Seán Delaney (2020)
  • Shape and Space in the senior primary classes - An Dr Siún Nic Mhuirí (2020)

 

Tuarascáil ar an gComhairliúchán

Reáchtáladh comhairliúchán ar Churaclam na Matamaitice Bunscoile ó Rang na Naíonán Sóisearach go Rang a Dó ó Dheireadh Fómhair 2017 go Márta 2018. Tá an tuarascáil ar an gcomhairliúchán seo foilsithe anois. Forbraíodh físeán tionlacain chun achoimre a dhéanamh ar an gcomhairliúchán agus is féidir breathnú air thíos. Ba mahaith linn buíochas a ghabháil le gach duine a ghlac páirt sa chomhairliúchán.

 

Tá forbairt Churaclam Matamaitice na Bunscoile faoi lánseol. Is féidir leat an doiciméad eolais agus an treoir atá mar bhonn agus mar thaca ag obair Grúpa Forbartha Matamaitic Bunscoile anseo.

Cuirfear tús le comhairliúchán ar dhréacht-Churaclam Matamaitice na Bunscoile ó rang na naíonán sóisearach go rang a dó i bhFómhair 2017.
 
Comhdháil ar Mhata 24.11.2014
Reáchtáladh comhdháil ar fhorbairt smaointe matamaitice le páistí (3 bliana-8 mbliana) ar an Luan, 24 Samhain 2014 san Ionad Comhdhála i gCaisleán Bhaile Átha Cliath.

Chuala toscairí eochairnótaí ón Ollamh Douglas Clements (Ollscoil Denver) agus ón Ollamh Elizabeth Wood (Ollscoil Sheffield) agus ghlac siad páirt i gceardlanna ag díriú aird ar obair mhatamaitice nuálach i scoileanna agus i seirbhísí luath-óige. Cuireadh clabhsúr leis an gcomhdháil nuair a sheol an tAire Oideachais agus Scileanna, Jan O’Sullivan, TD, dhá thuarascáil taighde:

Is féidir teacht ar shonraí na comhdhála, lena n-áirítear fístaifid na comhdhála, dhá thuarascáil taighde agus faisnéis maidir leis na ceardlanna anseo
 
Is féidir leat an t-athbhreithniú agus an taighde a bhaineann le forbairt an churaclaim mhatamaitice a fháil anseo.
Cuireann an Dr Gerry Sheil forbhreathnú ar fáil ar Thuarascálacha Taighde CNCM Uimh. 17 agus 18, An Mhatamaitic sa Luath-óige agus san Oideachas Bunscoile (3 bliana-8 mbliana). Cuireann an Dr Gerry Sheil forbhreathnú ar fáil ar Thuarascálacha Taighde CNCM Uimh. 17 agus 18, An Mhatamaitic sa Luath-óige agus san Oideachas Bunscoile (3 bliana-8 mbliana).
Tarraingíonn an Dr Elizabeth Dunphy aird ar phríomhtheachtaireachtaí ó Thuarascáil Taighde CNCM Uimh. 17, An Mhatamaitic sa Luath-óige agus san Oideachas Bunscoile (3 bliana-8 mbliana): Sainmhínithe, Teoiricí, Forbairt agus Dul Chun Cinn. Tarraingíonn an Dr Elizabeth Dunphy aird ar phríomhtheachtaireachtaí ó Thuarascáil Taighde CNCM Uimh. 17, An Mhatamaitic sa Luath-óige agus san Oideachas Bunscoile (3 bliana-8 mbliana): Sainmhínithe, Teoiricí, Forbairt agus Dul Chun Cinn.
Tarraingíonn an Dr Thérèse Dooley aird ar phríomhtheachtaireachtaí ó Thuarascáil Taighde CNCM Uimh. 18, An Mhatamaitic sa Luath-óige agus san Oideachas Bunscoile (3 bliana-8 mbliana): Teagasc agus Foghlaim. Tarraingíonn an Dr Thérèse Dooley aird ar phríomhtheachtaireachtaí ó Thuarascáil Taighde CNCM Uimh. 18, An Mhatamaitic sa Luath-óige agus san Oideachas Bunscoile (3 bliana-8 mbliana): Teagasc agus Foghlaim.

 

Anseo thíos, tá ábhar tacaíochta breise i gcomhair churaclam matamaitice na bunscoile.

Cuireann an tOllamh Doug Clements a smaointe in iúl ar conas is féidir le múinteoirí úsáid a bhaint as chun tacú le dul chun cinn gach páiste. Cuireann an tOllamh Doug Clements a smaointe in iúl ar conas is féidir le múinteoirí úsáid a bhaint as chun tacú le dul chun cinn gach páiste.
Cuireann an tOllamh Doug Clements a smaointe in iúl maidir le ról na teicneolaíochta sa mhatamaitic i mbunscoileanna do pháistí aois 4-8. Cuireann an tOllamh Doug Clements a smaointe in iúl maidir le ról na teicneolaíochta sa mhatamaitic i mbunscoileanna do pháistí aois 4-8.
Cuireann an tOllamh Doug Clements a smaointe in iúl maidir le cuma taithí chuí ar mhatamaitice i seomraí ranga i gcomhair páistí ó 4 bliana go 8 mbliana Cuireann an tOllamh Doug Clements a smaointe in iúl maidir le cuma taithí chuí ar mhatamaitice i seomraí ranga i gcomhair páistí ó 4 bliana go 8 mbliana
Labhraíonn an tOllamh Doug Clements linn faoi chuair foghlama sa luath-mhatamaitic. Labhraíonn an tOllamh Doug Clements linn faoi chuair foghlama sa luath-mhatamaitic.
Cuireann an tOllamh Doug Clements a smaointe in iúl maidir leis an tionchar atá ag ionchais tuismitheoirí ar fhoghlaim na matamaitice ag páistí. Cuireann an tOllamh Doug Clements a smaointe in iúl maidir leis an tionchar atá ag ionchais tuismitheoirí ar fhoghlaim na matamaitice ag páistí.
Cuireann an tOllamh Doug Clements a smaointe in iúl maidir le chomh Tábhachtach is atá sé go dtuigeann páistí an mhatamaitic agus mbíonn siad á cur de ghlanmheabhair. Cuireann an tOllamh Doug Clements a smaointe in iúl maidir le chomh Tábhachtach is atá sé go dtuigeann páistí an mhatamaitic agus mbíonn siad á cur de ghlanmheabhair.
Labhraíonn an tOllamh Doug Clements linn faoi theagasc agus faoi fhoghlaim bunaithe ar imirt thoiliúil sa mhatamaitic. Labhraíonn an tOllamh Doug Clements linn faoi theagasc agus faoi fhoghlaim bunaithe ar imirt thoiliúil sa mhatamaitic.