Tá scrúdú déanta ag CNCM ar Churaclam na Bunscoile ag amanna éagsúla ó bhí 1999 ann agus chuaigh sé i gcomhairle le scoileanna agus páirtithe leasmhara eile chun féachaint cad is ceart a bheith i gceist le curaclam nua agus conas mar is ceart don churaclam nua dul i gcion ar an bhfoghlaim a dhéanann páistí agus ar an gcaoi a bhforbraítear iad.
Thionscain CNCM dhá athbhreithniú ar Churaclam na Bunscoile. An chéad chéim den athbhreithniú, bhí sí dírithe ar thaithí na bpríomhoidí, na múinteoirí, na dtuismitheoirí agus na bpáistí le Béarla, leis na hAmharcealaíona agus le Matamaitic. Foilsíodh an t-athbhreithniú sin in 2005 agus tá an tuarascáil anseo.
Sa dara céim den athbhreithniú, dírítear ar thaithí na bpríomhoidí, na múinteoirí, na dtuismitheoirí agus na bpáistí le Gaeilge, Eolaíocht agus Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte (OSPS). Foilsíodh an t-athbhreithniú sin in 2008 agus tá an tuarascáil anseo.
Tosaíochtaí maidir leis an gCuraclam
Foilsíodh cuireadh poiblí don phobal a dtuairimí féin a chur in iúl faoi na tosaíochtaí i leith an churaclaim bunoideachais i mí Aibreáin 2011. Fuarthas 960 freagra ar fad, inar aithníodh sé cinn de thosaíochtaí i leith an bhunoideachais. Gheobhaidh tú an tuarascáil anseo.
Comhairliúchán ar Struchtúr an Churaclaim agus ar Am
I mí na Nollag 2016, d’fhoilsigh CNCM dhá shraith moltaí maidir leis an gcaoi a bhféadfaí struchtúr difriúil a chur ar churaclam na bunscoile agus maidir leis an gcaoi a bhféadfaí am a leithdháileadh ar fud an churaclaim. Idir mí Eanáir agus mí an Mheithimh 2017, rinneadh comhairliúchán fairsing faoin dá shraith moltaí sin. Tugtar forléargas mionsonraithe sa tuarascáil chomhairliúcháin ar an bpróiseas comhairliúcháin iomlán.
Comhairliúcháin Churaclaim Eile
Comhairliúchán le Tuismitheoirí
Is tábhachtach an ról atá ag guth an tuismitheora sa phlé faoin gcuraclam bunscoile a athbhreithniú agus a athfhorbairt. Le linn 2018, reáchtáil CNCM fiche seisiún grúpa fócais le tuismitheoirí a bhfuil páistí leo ag freastal ar an mbunscoil. Léigh an tuarascáil anseo.
Comhairliúchán le Páistí
Tá ról tábhachtach ag guth an pháiste freisin sa phlé faoin gcuraclam bunscoile a athbhreithniú agus a athfhorbairt. Tugtar achoimre ghairid sa tuarascáil seo ar phróisis chomhairliúcháin inar éist CNCM leis an méid a bhí le rá ag páistí maidir le forbairtí curaclaim ar an mbunleibhéal.
© 2025 An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta. Gach ceart ar cosaint.