Bíonn an tionchar a bhíonn ag athrú ar an gcuraclam le brath ag gach duine inár gcóras oideachais. Gné thábhachtach d’obair CNCM is ea tacú leis an obair a dhéanann ár bpáirtithe leasmhara nuair a dhéantar athruithe ar an gcuraclam. Mar chuid den obair sin bíonn comhoibriú agus rannpháirtíocht ar siúl i rith an phróisis athbhreithnithe, forbartha, achtacháin agus chun an t-athrú a choimeád ag imeacht.
Chun tacaíocht a thabhairt d’athfhorbairt Churaclam na Bunscoile, thionóil CNCM roinnt fóram a thacaíonn le rannpháirtíocht páirtithe leasmhara lena n-áirítear Seimineáir ar an gCuraclam, an tSraith Seimineár Leading Out a chur ar bun, agus Painéal Comhairleach a bhunú. Cliceáil ar na roghchláir aníos thíos chun tuilleadh a fháil amach.
Bhain CNCM agus ár bpáirtithe leasmhara leas as a bheith ag obair le gníomhaireachtaí seachtracha agus le daoine lárnacha le blianta beaga anuas. Chun tacú le hathfhorbairt Churaclam na Bunscoile, bunaíodh Painéal Comhairleach. Roghnaíodh baill an phainéil go cúramach agus aird ar a gcuid saineolais, a spéiseanna taighde reatha agus roimhe seo, a dtaithí nó a rannpháirtíocht i bpróisis athraithe curaclaim, a gcuid eolais agus/nó a dtaithí ar chórais oideachais, agus an cur amach atá acu ar chomhthéacs na hÉireann.
Is iad seo a leanas an ceathrar atá ar an bpainéal:
Bhí an painéal ag obair go dtí seo le CNCM chun topaicí ar nós 'tacaíocht agus solúbthacht', 'ailíniú agus comhleanúnachas beartais', 'oideolaíocht agus measúnú' agus 'coinníollacha a chothú chun tacú leis an athrú' a fhiosrú. Leanfar le hobair an phainéil in 2021 agus leanfar ina dhiaidh sin le foilseacháin a bhaineann leis an obair sin.
Tá an Sraith Seimineár Leading Out deartha chun tacú le heagraíochtaí geallsealbhóirí na coinníollacha riachtanacha a aithint agus a thionscnamh chun tacú le tabhairt isteach agus achtú an Churaclaim Bhunscoile athfhorbartha. Bhí ceithre sheimineár go dtí seo ag díriú ar 'dhálaí fabhracha maidir le hathrú curaclaim', 'tacaíocht agus solúbthacht','ailíniú agus comhleanúnachas beartais' agus 'ceannaireacht ar fud an chórais'.
Gheobhaidh tú tuairisc ghairid ar imeachtaí gach seimineáir thíos.
Seimineár 1: Tuarascáil agus Cur i láthair.
Seimineár 2: Tuarascáil agus Cur i láthair.
Seimineár 3: Tuarascáil, Cur i Láthair agus Podchraoladh.
Seimineár 4: Tuarascáil, Cur i Láthair agus Podchraoladh.
Gheobhaidh tú liosta anseo freisin de na heagraíochtaí páirtithe leasmhara a bhí ag gabháil don tsraith go dtí seo.
Reáchtáil CNCM cúig sheimineár faoin gcuraclam idir mí an Mhárta 2018 agus mí Eanáir 2019. Tugadh cuireadh do chomhpháirtithe oideachais agus do pháirtithe leasmhara i gcoitinne freastal orthu. I gcás cuid mhór de na múinteoirí, na ceannairí scoile agus na cleachtóirí luath-óige a d'fhreastail orthu, ba bhaill iad den Fhóram Scoileanna. Ag na seimineáir, bhí an deis ag na rannpháirtithe machnamh a dhéanamh ar na príomhphointí a tháinig as na páipéir thaighde, agus na pointí sin a phlé agus a chíoradh ó pheirspictíochtaí difriúla. Ag gach seimineáir, cuireadh eochairléirithe i láthair a bhí dírithe ar ghnéithe tábhachtacha de churaclam bunscoile. Aithnítear sa tuarascáil seo seacht téamaí a tháinig chun cinn sna chúig sheimineár maidir le hathfhorbairt an churaclaim. Seo a leanas na cúig sheimineár:
Seimineár 1 - Cuspóir an churaclaim
Tharla an chéad seimineár sa tsraith seo ‘Cuspóir an churaclaim’ ar an 21ú Márta 2018. Tháinig príomhoidí, cleachtóirí luath óige, múinteoirí, lucht déanta polasaithe agus taighdeoirí le chéile chun plé a dhéanamh ar aidhmeanna agus luachanna i gcuraclam athfhorbaithe.
Seimineár 2 - Oideolaíochtaí Cumhachtacha
Tharla an dara ceann den sraith seimineáir ‘Oideolaíochtaí Cumhachtacha’ ar an 17ú Bealtaine 2018 nuair a phléitear os cionn céad geallsealbhóirí ar oideolaíochtaí cumhachtacha, léiriú comhtháthaithe agus an páirt a d’fhéadfadh a bheith ag inniúlachtaí agus eolais i gcuraclam athfhorbartha.
Seimineár 3 - Dearcadh nua
Tharla an triú seimineár den sraith ar an 3ú Deiridh Fomhair 2018. Rinneadh machnamh ar an gcaoi go bhféadfadh curaclam na bunscoile leanúnachas agus dul chun cinn foghlamtha a thacú idir an réamhscoilaíocht agus na luath blianta sa bhunscoil.
Seimineár 4 - Turais foghlama a fheabhsú
Tharla an cheathrú seimineáir den sraith ar an 29ú Samhain 2018. Dhírigh an seimineár seo ar an gcaoi a fhoghlaimíonn leanaí agus na himpleachtaí a bhaineann le cleachtas ranga. Thug an dara cuid den seimineár breithniú ar pheirspictíochtaí tuismitheoirí ar churaclam bunscoile athfhorbartha. Cuireadh torthaí i láthair ó chruinnithe fócais an CNCM le tuismitheoirí ar fud na tíre (Deireadh Fómhair 2018).
Seimineár 5 - Ag pleanáil an turais chun cinn
Tharla an chúigiú seimineáir den sraith ar an 31ú Eanáir 2019. Tháinig níos mó ná 120 geallsealbhóir le chéile chun machnamh agus plé a dhéanamh ar thosaíochtaí do churaclam athfhorbaithe. Scrúdaigh an chéad chuid den seimineár ábhar curaclaim bunscoile athfhorbartha, agus dhírigh an dara cuid den seimineár ar mheasúnú. Scrúdaigh an lucht freastail conas a d'fhéadfadh curaclam athfhorbartha machnamh a dhéanamh ar smaointeoireacht nua maidir le measúnú sa bhunscoil.
© 2025 An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta. Gach ceart ar cosaint.