NCCA logo NCCA logo

Athúsáid Faisnéise na hEarnála Poiblí

Rialacháin Athúsáide Faisnéise na hEarnála Poiblí 2005 (I.R. Uimh 279 de 2005)

Cloíonn an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) leis na rialacháin ar Athúsáid Faisnéise na hEarnála Poiblí agus tacaímid le hathúsáid na faisnéise a thairgimid.

Is de chóipcheart an CNCM an fhaisnéis ar fad ar ár suíomh gréasáin murach go gcuirtear a mhalairt in iúil. Gheobhaidh tú an fhaisnéis ar an suíomh gréasáin seo a athúsáid gan chostas in aon fhormaid faoi réir an cheadúnais Faisnéise Earnála Poiblí is déanaí le fáil ag Tairseach Athúsáide Faisnéise Earnála Poiblí: www.psi.gov.ie

Is dóchúil go mbeadh aon ábhar a chuireann aon tríú páirtí ar fáil, naisc chuig suíomh gréasáin eile ón suíomh gréasáin seo san áireamh, faoi chóipcheart ag an údar.  Caithfear cead cóipeála nó úsáide d’aon ábhar dá leithéid a fháil ón údar.

Cuimsíonn athúsáid cóipeáil, dáileadh cóipeanna ar an bpobal, foilsiú, craoladh agus aistriú isteach i dteangacha eile. Cuimsíonn sé taighde neamh-thráchtálach agus staidéar chomh maith.

Tá athúsáid faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas: Caithfidh tú:

  • an fhoinse agus ár gcóipcheart a admháil i gcásanna go gcuireann tú an t-eolas ar fáil do dhaoine eile.
  • faisnéis a atáirgeadh go cruinn
  • gan an fhaisnéis a úsáid in aon slí a chuirfeadh daoine amú
  • gan an t-eolas a úsáid do phríomhfheidhm na fógraíochta nó cuir chun cinn aon earra nó seirbhís ar leith
  • gan an t-eolas a úsáid do nó mar thacaíocht ar fheidhmeanna mídhleathacha, mímhorálta, calaoiseacha, nó mímhacánta nó in aon slí a chuirfeadh tacaíocht ón CNCM in iúil
  • Ní ceadmhach duit aon suaitheantas, lógó nó marc de chuid an Stáit, Roinn Rialtais nó comhlacht rialaithe ag dlí poiblí, a athúsáid seachas san áit go bhfuil suaitheantas, lógó, nó marc dá leithéid mar bhun-chuid den doiciméid atá á athúsáid.
  • Níl dliteanas ar an CNCM d’aon caillteanas nó dliteanas bainteach le hathúsáid faisnéise agus ní dheimhníonn sí go bhfuil an t-eolas chun dáta ná saor ó earráidí. Ní údaraíonn an CNCM go mbeadh cearta eisiacha ag aon úsáideoir ar athúsáid a cuid eolais.

Caomhnaíonn an CNCM an t-eolas seo a leanas ar a suíomh gréasáin:

 

Chun níos mó eolais a fháil ar an athúsáid eolais caomhnaithe ag an CNCM déan teagmháil le:

An tUas. Morgan Lockhart

Oifigeach SF

An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM).

35 Cearnóg Mhic Liam

Baile Átha Cliath 2

Guthán: +353 1 661 7177

Facs: +353 1 661 7180

R-phost