Ag tacú le cur chuige don scoil uile i leith forbairt ghairmiúil agus forbairt acmhainne trí chleachtas measúnaithe éifeachtaigh agus leanúnaigh a fhorbairt a chabhraíonn le foghlaim an scoláire.
Ceapadh na ceardlanna le go bhféadfaí iad a úsáid ar dhóigh sholúbtha thart ar chúig thopaic:
Beidh Treoirleabhar an Éascaitheora ina chuidiú agat mar phointe tosaithe. Ba mhór againn do chuid aiseolais agus dearcthaí maidir leis an gcaoi a mbaineann tú leas as na hábhair seo. Bheimis buíoch díot roinnt ama a thógáil chun an fhoirm ghairid mheastóireachta seo a líonadh agus a sheoladh ar ais chuig CNCM.
Tá sé i gceist go n-úsáidfí an t-ábhar leis an bhfoireann iomlán agus tá sé mar aidhm aige machnamh agus plé a spreagadh ar an gcaoi ar féidir le múinteoirí feabhas a chur ar a gcleachtas measúnaithe. Tugann na ceardlanna deis don mhúinteoir dul i ngleic lena chuid foghlama féin. Tá an cur chuige seo bunaithe ar thaighde a léiríonn gur mó go mór an seans go n-athróidh an múinteoir a chleachtas má théann sé féin i ngleic dáiríre leis an bpróiseas.
Tá cleachtas rathúil ag titim amach i scoileanna cheana, agus múinteoirí ag úsáid raon cuir chuige chun measúnú leanúnach a dhéanamh ina gcuid seomraí ranga. Tá súil againn go mbeidh na hábhair seo ina gcuidiú agus go dtacóidh siad le cleachtais measúnaithe leanúnaigh a chabhraíonn le foghlaim an scoláire
Sa ghearrfhíseán seo míníonn Dylan Wiliam 5 rudaí is féidir le múinteoirí a dheranamh chun foghlsima scoláirí a dhéanamh níos fearr .
(6 nóim. 20)
Dírítear san aonad seo ar chabhrú leis an scoláire níos mó den fhreagracht a ghlacadh air féin as a chuid foghlama féin. Chuige sin, ní mór go mbeadh a fhios ag an scoláire:
Sin an fáth a bhfuil tábhacht le rúin foghlama agus le critéir ratha.
Féachtar san aonad seo ar an gcaoi le cultúr a chur chun cinn sa seomra ranga ina spreagtar ceistiú éifeachtach. Scrúdaítear an cuspóir atá le ceistiú éifeachtach agus cineálacha straitéisí chun tacú leis.
De réir taighde is áis an-chumhachtach é an t-aiseolas chun cabhrú leis an scoláire an fhoghlaim a fheabhsú. Féachtar san aonad ar an gcaoi le haiseolas bríoch agus éifeachtach a thabhairt don scoláire le cabhrú leis tabhairt faoi na chéad chéimeanna eile san fhoghlaim.
Físeáin Tosaigh
Fiosraítear san aonad seo an chaoi a gcabhraíonn cumas féinmhachnaimh leis an scoláire níos mó den fhreagracht as a chuid foghlama agus as a dhul chun cinn féin a ghlacadh air féin. Beidh tú in ann na straitéisí a chuirtear i láthair a úsáid nó a oiriúnú chun cabhrú leis an scoláire machnamh a dhéanamh ar an méid atá foghlamtha aige.
Físeán Tosaigh
Tugtar aghaidh sa leabhrán nua seo chun na ceisteanna seo a leanas a scrúdú:
© 2025 An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta. Gach ceart ar cosaint.