Cuireann cruinnithe don Athbhreithniú ar Fhoghlaim agus ar Mheasúnú Ábhair ar chumas múinteoirí comhleanúnachas a bhaint amach ar bhonn comhoibríoch ina mbreithiúnais ar obair an scoláire i gcoinne Gnéithe Cáilíochta coiteanna, a leagtar síos go seachtrach. Forbrófar tuiscint níos mó ar chaighdeáin agus ar ionchais de réir a chéile de réir mar a thiocfaidh múinteoirí le chéile i bplé gairmiúil chun machnamh a dhéanamh ar cháilíocht obair a gcuid scoláirí féin, agus treoir acu ó shonraíocht ábhair, treoirlínte measúnaithe agus ábhar tacaíochta eile lena n-áirítear samplaí anótáilte d’obair scoláirí arna soláthar ag CNCM.
Tugann an chuid seo den fhoireann uirlisí treoir maidir leis an bpróiseas don Athbhreithniú ar Fhoghlaim agus ar Mheasúnú Ábhair a bhaineann leis an measúnú ar Mheasúnuithe Rangbhunaithe sa tsraith shóisearach. Is féidir an fhaisnéis sna táib thíos a íoslódáil anseo.
Tá an próiseas athbhreithnithe dírithe ar mhúinteoirí ag plé obair an scoláire ag cruinnithe struchtúrtha.
Beidh ról tábhachtach aige ag cuidiú le múinteoirí tuiscint a fhorbairt ar chaighdeáin agus ar ionchais trí chur ar a gcumas machnamh a dhéanamh ar an bhfianaise d’obair na scoláirí agus chun na straitéisí foghlama agus teagaisc a thacaíonn leis an obair sin a chomhroinnt.
Is iad seo a leanas cuspóirí an phróisis athbhreithnithe:
agus a dheimhniú do thuismitheoirí agus do dhaoine eile go bhfuil na scoláirí ag fáil aitheantais iomchuí dá gcuid éachtaí ar aon dul le caighdeáin agus le hionchais.
Beidh soláthar i bhféilire na scoile don tréimhse a thógfaidh cruinnithe athbhreithnithe ón 22 uair an chloig de thréimhse ghairmiúil a leithroinnfear le haghaidh gach múinteoir lánaimseartha gach bliain. Leithdháilfidh bainistíocht na scoile dhá uair an chloig breise ar mhúinteoir amháin as gach ábhar chun ullmhú i gcomhair gach cruinniú athbhreithnithe agus iad a chomhordú. Rothlófar an ról sin i measc na múinteoirí ábhartha.
Beidh gach cruinniú:
Nuair a bhíonn múinteoir ábhair amháin i scoil, féadfar éascaíocht a dhéanamh don mhúinteoir chun páirt a ghlacadh i gcruinniú Athbhreithnithe ar Fhoghlaim agus ar Mheasúnú Ábhair i scoil eile. I gcás scoil lán-Ghaeilge, is féidir le múinteoir ábhair amháin a bheith rannpháirteach i gcruinniú Athbhreithnithe ar Fhoghlaim agus ar Mheasúnú Ábhair i scoil lán-Ghaeilge eile.
Comhlíonfaidh na múinteoirí ról éascaitheora i rith na gcruinnithe Athbhreithnithe ar Fhoghlaim agus ar Mheasúnú Ábhair ar bhonn rothlach. Déanfaidh an t-éascaitheoir samhaltú ar cheistiú éifeachtach i rith an phlé ar shamplaí d’obair an scoláire ag díriú ar an gcaoi is fearr a mheaitseálann obair na scoláirí na Gnéithe Cáilíochta. I rith cruinnithe athbhreithnithe, nuair nach léir go follasach cén tuairisceoir ba cheart a bheadh i bhfeidhm, ba cheart don ghrúpa an fhianaise a chuardach in obair an scoláire a mheaitseálann gach ceann nó beagnach gach ceann de na Gnéithe Cáilíochta a bhaineann le tuairisceoir faoi leith. Cuireann cur chuige ‘na rogha is oiriúnaí’ ar chumas an mhúinteora an tuairisceoir is fearr a mheaitseálann ‘ar an iomlán’ an obair atá á meas a roghnú. Cuirfidh an t-éascaitheoir tuairisc ghearr den chruinniú athbhreithnithe isteach chuig príomhoide na scoile.
Níor chóir don mhúinteoir talamh slán a dhéanamh de go mbeidh torthaí grúpa scoláirí ag teacht le haon phatrún dáileacháin ar leith, de bharr nach ndéantar obair an scoláire a mheas ach amháin trí thagairt do na Gnéithe Cáilíochta seachas don chaoi ar éirigh leis na scoláirí eile.
Mar chéad chéim, b’fhéidir gur mhaith le múinteoirí athbhreithniú a dhéanamh ar roinnt de shamplaí anótáilte ábhartha CNCM sula dtagann siad ar chinntí maidir le hobair a gcuid scoláirí féin. A luaithe is a bhíonn a Measúnú Rangbhunaithe curtha i gcrích ag scoláire, déanfaidh an múinteoir réamh-mheasúnú ar obair an scoláire bunaithe ar na Gnéithe Cáilíochta. Féadfar na réamh-mheasúnuithe sin a mhodhnú i bhfianaise an phlé a tharlaíonn ag an gcruinniú don Athbhreithniú ar Fhoghlaim agus ar Mheasúnú Ábhair. Beidh aird ag an múinteoir ar an tuairisceoir a bheith leithdháilte ar gach scoláire agus ar aon phointe eile a bheidh siad ag iarraidh nó a mheasfaidh siad áisiúil tagairt dó i rith an chruinnithe don Athbhreithniú ar Fhoghlaim agus ar Mheasúnú Ábhair agus ina dhiaidh. Is don mhúinteoir féin a bheidh na nótaí sin. Mar ullmhúchán don chruinniú don Athbhreithniú ar Fhoghlaim agus ar Mheasúnú Ábhair, sainaithneoidh gach múinteoir sampla amháin d’obair scoláire le haghaidh gach tuairisceora, agus beidh siad sin ar fáil lena bplé ag an gcruinniú.
Is é an t-éascaitheoir a bheidh i mbun an chruinnithe agus coimeádfaidh sé/sí taifead de na cinntí a dhéanfar i dteimpléad, a úsáidfear chun tuairisc den chruinniú a chur i dtoll a chéile. Moltar go leanfadh an cruinniú an leagan amach seo tríd is tríd:
Tar éis an chruinnithe, déanann gach múinteoir machnamh ar obair a scoláire bunaithe ar thorthaí an chruinnithe agus, nuair a mheastar gur gá é, déanann sé na hathruithe iomchuí ar a réamh-mheasúnú.
Tar éis an chruinnithe don Athbhreithniú ar Fhoghlaim agus ar Mheasúnú Ábhair, seolann an t-éascaitheoir isteach a thuairisc ón gcruinniú, ag díriú ar thorthaí an phlé ar obair scoláirí ag an gcruinniú, agus cuireann sé isteach chuig príomhoide na scoile é. Féadfaidh an t-éascaitheoir iarraidh ar mhúinteoirí, más mian leo, roinnt d’obair scoláirí a chur le taisce samplaí:
Chun iad a úsáid in éineacht le scoláirí agus le tuismitheoirí chun léiriú a thabhairt ar chaighdeán na hoibre a bhaintear amach.
© 2025 An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta. Gach ceart ar cosaint.