Tabharfar isteach sonraíocht nua le haghaidh Tíreolaíocht na Sraithe Sóisearaí i mí Mheán Fómhair 2018. Tá sé mar aidhm le Tíreolaíocht fiosracht a spreagadh, deiseanna a chruthú don scoláire eolas faoina gharthimpeallacht agus faoin domhan mór a léamh, a anailísiú, a tharraingt le chéile agus a chur in iúl. Forbraíonn sé eolas agus scileanna chun cur ar cumas an scoláire a bheith rannpháirteach sa domhan mórthimpeall air. Cuireann an tíreolaíocht smaointeoireacht chriticiúil chun cinn agus tacaíonn sí leis an scoláire cinntí eolasacha a dhéanamh, rud a chuireann ar a chumas cur go mór le saol eacnamaíoch, sóisialta agus cultúrtha a phobail, a dhúiche agus a thíre.
Beidh feidhm le siollabas Tíreolaíochta an Teastais Shóisearaigh don scoláire a rachaidh isteach sa chéad bhliain roimh Mheán Fómhair 2018.
I gcás scoláirí a bheidh ag dul isteach sa chéad bhliain i mí Mheán Fómhair 2018 nó ina dhiaidh sin beidh feidhm le sonraíocht Thíreolaíocht na Sraithe Sóisearaí. Is féidir féachaint ar an dá cheann anseo.
Tabharfar isteach an tsonraíocht nua le haghaidh Tíreolaíocht na Sraithe Sóisearaí i scoileanna i mí Mheán Fómhair 2018. Cuireadh tús le forbairt na sonraíochta i mí na Bealtaine 2016.
Déantar iniúchadh sa pháipéar cúlra do Thíreolaíocht na Sraithe Sóisearaí ar fhorbairt an ábhair sa tsraith shóisearach; leagtar béim ar dhea-chleachtas sa bhaile agus thar lear; agus úsáidtear taighde bunaithe ar fhianaise mar bhonn agus mar thaca d’athbhreithniú na sonraíochta.
Tá ionadaithe i nGrúpa Forbartha na Tíreolaíochta ó réimse páirtithe leasmhara oideachais, lena n-áirítear comhlachtaí múinteoirí agus bainistíochta, an Roinn Oideachais agus Scileanna, agus Coimisiún na Scrúduithe Stáit.
Forbraíodh dréachtsonraíocht do Thíreolaíocht na Sraithe Sóisearaí ó mhí na Bealtaine 2016 - Márta 2017. Tá an dréachtsonraíocht ar fáil anseo.
Beidh feidhm le siollabas Tíreolaíochta an Teastais Shóisearaigh don scoláire a rachaidh isteach sa chéad bhliain roimh Mheán Fómhair 2018. Íoslódáil ár mBileog Fíricí le haghaidh Tíreolaíocht an Teastais Shóisearaigh anseo.
© 2025 An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta. Gach ceart ar cosaint.