NCCA logo NCCA logo

Nuatheangacha Iasachta

Is é an aidhm atá le staidéar ar Nuatheangacha Iasachta (Fraincis, Gearmáinis, Spáinnis, Iodáilis) forbairt a dhéanamh ar scileanna teanga cumarsáide an scoláire agus fiosrú a dhéanamh ar an idirspleáchas idir an teanga agus an cultúr a chumasaíonn scoláirí taitneamh a bhaint as foghlaim teanga. Forbraítear scileanna Nuatheangacha Iasachta thar thrí shnáithe idirnasctha: inniúlacht chumarsáideach, feasacht teanga, agus eolas soch-chultúrtha agus feasacht idirchultúrtha.

Is é aidhm na sonraíochta le haghaidh Nuatheangacha Iasachta na Sraithe Sóisearaí scileanna cumarsáideacha teanga a fhorbairt atá ag teacht den chuid is mó le banda A (A1 go A2, Úsáideoir Bunúsach) den Chreat Comhchoiteann Tagartha Eorpach le haghaidh Teangacha agus lena thuairisceoirí. Aidhm eile atá leis ná cur ar chumas an scoláire an t-idirspleáchas idir teanga agus cultúr a fhiosrú, forbairt a dhéanamh ar an léirthuiscint atá aige dá ábhartha atá teangacha dá shaol chun críocha pearsanta, sóisialta, oideachasúla, gairme agus fóillíochta, agus taitneamh a bhaint as foghlaim teanga.

Tá sonraíocht do Nuatheangacha Iasachta na Sraithe Sóisearaí, na Treoirlínte Measúnaithe agus Samplaí Oibre ar fáil anseo.

Tugadh isteach an tsonraíocht le haghaidh Nuatheangacha Iasachta na Sraithe Sóisearaí i scoileanna i mí Mheán Fómhair 2017. Cuireadh tús le forbairt na sonraíochta in 2015.

Déantar iniúchadh sa pháipéar cúlra agus sa tuarascáil chomhairliúcháin do Nuatheangacha Iasachta na Sraithe Sóisearaí ar fhorbairt an ábhair sa tsraith shóisearach; leagtar béim ar dhea-chleachtas sa bhaile agus thar lear; agus úsáidtear taighde bunaithe ar fhianaise mar bhonn agus mar thaca d’athbhreithniú na sonraíochta.

Tá ionadaithe i nGrúpa Forbartha na Nuatheangacha Iasachta ó réimse páirtithe leasmhara oideachais, lena n-áirítear comhlachtaí múinteoirí agus bainistíochta, an Roinn Oideachais agus Scileanna, agus Coimisiún na Scrúduithe Stáit. Is féidir teacht ar thuarascálacha ó chruinnithe an ghrúpa forbartha anseo.

Forbraíodh dréachtsonraíocht Nuatheangacha Iasachta na Sraithe Sóisearaí agus seoladh amach é i gcomhair sainchomhairliúcháin phoiblí.

Tá faisnéis maidir leis an gCreat Comhchoiteann Tagartha Eorpach le haghaidh Teangacha ar fáil anseo.