Tá sonraíocht Ghaeilge na Sraithe Sóisearaí ar fáil anseo:
Scoileanna a fheidhmíonn trí mheán na Gaeilge (T1)
Sonraíocht Ghaeilge na Sraithe Sóisearaí: Scoileanna a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla (T2)
Is féidir teacht ar an bPáipéar Cúlra agus an Doiciméad Treorach don Ghaeilge anseo a d'fhaomh Comhairle CNCM do chomhairliúchán poiblí i mí Dheireadh Fómhair 2013.
Páipéar Cúlra don Ghaeilge
Cuirtear bonn fianaise faoi fhorbairt an tsonrúcháin ábhair sa Doiciméad Eolais. Tugtar cuntas gairid ar an nGaeilge mar ábhar scoile agus ar na forbairtí a d’imir tionchar ar mhúnlú an ábhair le himeacht na mblianta. I measc na n-ábhar a ndéantar plé orthu tá:
Ina dhiaidh sin, leagtar amach an treo beartaithe d’fhorbairt an tsonrúcháin sa Doiciméad Treorach
I mí Feabhra 2015 d'fhaomh Comahirle CNCM an dréachtsonraíocht don Ghaeilge i gcomhair comhairliúcháin.
Reáchtáladh comhairliúchán poiblí ó Mhárta 2015 go dtí Bealtaine 2015. De bharr aiseolais a fuarthas cinneadh cur leis an gcomhairliúchán go Fómhair 2015 chun deis a thabhairt iniúchadh agus machnamh níos doimhne a dhéanamh ar threo an tsoláthair féin.
Is féidir teacht ar an dréachtsonraíocht ó 2015 anseo.
Tá ról lárnach ag an Meitheal Forbartha don Ghaeilge i múnlú chomhairle an CNCM don Aire Oideachais agus Scileanna maidir leis an sonrúchán curaclaim do Ghaeilge na Sraithe Sóisearaí. Chuige seo, cloítear leis na sainchúraim agus an t-amlíne mar a leagtar síos iad ag leibhéal Comhairle trí:
Próiseas Comhairliúcháin go dtí seo:
D’fhaomh an Chomhairle an dréachtshonraíocht don Ghaeilge i gcomhair comhairliúcháin i mí Feabhra 2015. Seoladh an próiseas comhairliúcháin i mí an Mhárta agus lean an próiseas ar aghaidh go dtí mí na Bealtaine 2015. Lorgaíodh aiseolas ó pháirtithe leasmhara an oideachais agus na Gaeilge mar aon leis an bpobal i gcoitinne ar bhealaí éagsúla tríd an bpróiseas, mar a bhí:
Seoladh an próiseas comhairliúcháin an 12 Márta 2015 le hócáid chomhairliúcháin i gCaisleán Bhaile Átha Cliath agus lean go dtí Bealtaine 2015.
Cuireadh Tuarascáil ar an gcomhairliúchán le chéile atá ar fáil ar an suíomh seo, féach thuas os cionn na dtáb don nasc.
Aiseolas ón gcomhairliúchán go dtí seo:
Bhunaigh an comhairliúchán seo go bhfuil an-tábhacht ag baint le tacú le múinteoirí agus iad ag plé le dúshláin agus le hathruithe oideolaíochta a d’fhéadfadh a bheith os a gcomhair nuair atá an sonrúchán á chur i bhfeidhm má táthar chun aidhmeanna agus fís an tsonrúcháin a bhaint amach.
Leagadh béim láidir freisin ar an tábhacht a bhaineann le leanúnachas d’fhoghlaimeoirí Gaeilge ón mbunscoil go dtí an iar-bhunscoil.
Díríodh aird ar an ngá le féidearthachtaí le haghaidh idirdhealú níos mó i bhfoghlaim, i dteagasc agus i measúnú d’fhoghlaimeoirí Gaeilge i gcomhthéacsanna T1 agus T2 araon a fhiosrú tuilleadh.
De bharr an aiseolais a fuarthas, cinneadh cur leis an gcomhairliúchán chun plé agus iniúchadh a dhéanamh ar na gnéithe thuasluaite.
Tá tuarascáil ar an bpróiseas comhairliúcháin don Ghaeilge sa tSraith Shóisearach (2015), ar fáil anseo.
© 2025 An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta. Gach ceart ar cosaint.