Tá sé mar aidhm ag Béarla eolas an scoláire ar theanga agus ar litríocht a fhorbairt agus a scileanna litearthachta a dhoimhniú. Gabhann an scoláire do raon leathan téacsanna labhartha, scríofa agus amhairc agus smaoiníonn siad go criticiúil fúthu agus cruthaíonn siad téacsanna dá gcuid féin. De réir mar a leathnaíonn a gcuid scileanna chun teanga a úsáid, feabhsaíonn scileanna cumarsáide an scoláire agus tugann sé sin cumhacht dó rannchuidiú leis an tsochaí mar shaoránaigh ghníomhacha cneasta.
Tá sonraíocht do Bhéarla na Sraithe Sóisearaí, na Treoirlínte Measúnaithe agus Samplaí Oibre ar fáil anseo.
Tugadh isteach an tsonraíocht le haghaidh Béarla na Sraithe Sóisearaí i scoileanna i mí Mheán Fómhair 2014. Athfhoilsíodh an tsonraíocht in 2015, ag cuimsiú athruithe ar an gCreat don tSraith Shóisearach. Cuireadh tús le forbairt na sonraíochta i mí Mheán Fómhair 2012.
Déantar iniúchadh sa pháipéar cúlra agus san achoimre do Bhéarla na Sraithe Sóisearaí ar fhorbairt an ábhair sa tsraith shóisearach; leagtar béim ar dhea-chleachtas sa bhaile agus thar lear; agus úsáidtear taighde bunaithe ar fhianaise mar bhonn agus mar thaca d’athbhreithniú na sonraíochta.
Tá ionadaithe i nGrúpa Forbartha an Bhéarla don tSraith Shóisearach ó réimse páirtithe leasmhara oideachais, lena n-áirítear comhlachtaí múinteoirí agus bainistíochta, an Roinn Oideachais agus Scileanna, agus Coimisiún na Scrúduithe Stáit. Is féidir teacht ar thuarascálacha ó chruinnithe an ghrúpa forbartha anseo.
Forbraíodh dréachtsonraíocht le haghaidh Béarla na Sraithe Sóisearaí ó Mheán Fómhair 2012 go Bealtaine 2013. Tá an dréachtsonraíocht agus an tuarascáil chomhairliúcháin ar fáil anseo.
© 2025 An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta. Gach ceart ar cosaint.