Tá 24 ráiteas foghlama sa Chreat, agus ocht bprionsabal mar bhonn taca leo, ag soláthar an bhunúis do scoileanna a gcláir don tsraith shóisearach a bheartú, a dhearadh agus a mheas. Díríonn an próiseas pleanála sin ar mheascán comhpháirteanna curaclaim (ábhair, aonaid foghlama pearsanta, agus gearrchúrsaí) agus eispéiris foghlama eile. Cinnteoidh scoileanna go mbeidh gach ráiteas foghlama, in éineacht leis na príomhscileanna mar ghné de chláir scoláirí na sraithe sóisearaí ar fad.
Tá ocht bprionsabal mar bhonn taca ag an gCreat don tSraith Shóisearach Beidh na prionsabail seo mar threoir ag an bpleanáil chomh maith le forbairt agus le cur i bhfeidhm chláir na sraithe sóisearaí i ngach scoil.

Tá cur síos ar an bhfoghlaim atá i gcroílár na sraithe sóisearaí in 24 ráiteas foghlama. Cinnteoidh scoileanna go mbeidh gach ráiteas foghlama, in éineacht leis na príomhscileanna mar ghné de chláir scoláirí na sraithe sóisearaí ar fad.
| Ráitis Foghlama | |
| 1 | déanann an scoláire cumarsáid éifeachtach le roinnt meán agus i réimse comhthéacsanna sa T1* |
| 2 | déanann an scoláire éisteacht, labhairt agus léitheoireacht sa T2* agus i dteanga amháin eile ag leibhéal inniúlachta atá ag teacht lena c(h)umas féin |
| 3 | déanann an scoláire réimse leathan téacsanna a chruthú, a mheasúnú agus a léirmhíniú |
| 4 | cruthaíonn agus cuireann an scoláire i láthair saothair ealaíne agus tuigeann sé/sí an próiseas agus na scileanna atá i gceist |
| 5 | tá feasacht ag an scoláire ar luachanna pearsanta agus tuiscint ar phróiseas chun cinntí morálta a dhéanamh |
| 6 | tá meas ag an scoláire ar an mbealach ina gcuireann luachanna, creidimh agus traidisiúin éagsúla leis na pobail agus leis an gcultúr ina gcónaíonn sí/sé |
| 7 | tá meas ag an scoláire ar a bhfuil i gceist le bheith ina s(h)aoránach gníomhach, le cearta agus dualgais i gcomhthéacsanna áitiúla agus i gcomhthéacsanna níos leithne |
| 8 | tá meas ag an scoláire ar an oidhreacht áitiúil, náisiúnta agus idirnáisiúnta agus tuigeann sé/sí an tábhacht atá ag an ngaol idir eachtraí atá thart agus eachtraí reatha, agus na fórsaí is cúis le hathrú |
| 9 | tuigeann an scoláire bunús agus tionchair ghnéithe sóisialta, eacnamaíocha agus comhshaoil an domhain mórthimpeall uirthi/air |
| 10 | tá an fheasacht, an t-eolas, na scileanna, na luachanna agus an t-inspreagadh ag an scoláire le maireachtáil go hinbhuanaithe |
| 11 | déanann an scoláire gníomh chun a leas féin agus leas dhaoine eile a chosaint agus a chothú |
| 12 | tá an scoláire ina rannpháirtí muiníneach agus cumasach sa ghníomhaíocht fhisiciúil agus inspreagadh inti/ann le bheith gníomhach go fisiciúil |
| 13 | tuigeann an scoláire tábhacht an bhia agus an chothaithe i leith cinntí sláintiúla a dhéanamh |
| 14 | déanann an scoláire cinntí eolasacha airgeadais agus forbraíonn sí/sé scileanna maithe tomhaltacha |
| 15 | aithníonn an scoláire an úsáid is féidir a bhaint as eolas, scileanna agus tuiscint mhatamaiticiúil i réimsí uile na foghlama |
| 16 | déanann an scoláire cur síos ar phatrúin agus ar choibhneasa agus déanann sí/sé iad a léiriú, a léirmhíniú, a thuar agus a mhíniú |
| 17 | déanann an scoláire straitéisí a cheapadh agus a mheas chun fadhbanna a fhiosrú agus a réiteach ag baint úsáide as eolas, réasúnaíocht agus scileanna matamaiticiúla |
| 18 | déanann an scoláire breathnú agus measúnú ar eachtraí agus próisis eimpíreacha agus tarraingíonn tátail agus cinntí astu |
| 19 | tá luach ag an scoláire ar ról agus cion na heolaíochta agus na teicneolaíochta i leith na sochaí, agus an tábhacht phearsanta, shóisialta agus dhomhanda atá leo |
| 20 | baineann an scoláire úsáid as teicneolaíochtaí cuí chun dul i ngleic le dúshlán deartha |
| 21 | cuireann an scoláire scileanna praiticiúla i bhfeidhm de réir mar a fhorbraíonn sí/sé múnlaí agus táirgí ag baint úsáide as ábhair agus as teicneolaíochtaí éagsúla |
| 22 | léiríonn an scoláire tionscnaíocht, tá sí/sé nuálach agus forbraíonn sí/sé scileanna fiontraíochta |
| 23 | tógann an scoláire smaoineamh ar aghaidh ó cheapadh go réadú |
| 24 | úsáideann an scoláire an teicneolaíocht agus uirlisí na meán digiteacha chun foghlaim, chun cumarsáid a dhéanamh, chun obair agus chun smaoineamh go comhoibríoch agus go cruthaitheach ar bhealach freagrach agus eiticiúil |
* Is í T1 an teanga ina bhfeidhmíonn an scoil .i. Béarla i scoileanna a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla agus Gaeilge i scoileanna a fheidhmíonn trí mheán na Gaeilge. Is í T2 dara teanga na scoile .i. Gaeilge i scoileanna a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla agus Béarla i scoileanna a fheidhmíonn trí mheán na Gaeilge.
Cuidíonn príomhscileanna le foghlaimeoirí an t-eolas, na scileanna agus an dearcadh a fhorbairt chun dul i ngleic le dúshláin an lae inniu, a bhfuil cuid mhór díobh ann. Tacaíonn siad freisin leis an scoláire foghlaim conas foghlaim agus a bheith freagrach as a chuid foghlama féin.
Príomhscileanna na Sraithe Sóisearaí
Gheobhaidh tú sraith leabhrán anseo a thacaíonn le cur chuige sa scoil uile maidir le príomhscileanna a chomhtháthú i bhfoghlaim agus i dteagasc.

© 2025 An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta. Gach ceart ar cosaint.