Beidh dhá cháilíocht sa tsraith shóisearach nua.
Beidh ceann amháin, a thiocfaidh in ionad an Teastais Shóisearaigh reatha, ag teacht le Leibhéal 3 den Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí.
Beidh an ceann eile, atá ceaptha do scoláirí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu nach féidir leo an Teastas Sóisearach a rochtain faoi láthair, ag teacht le Leibhéal 2 den Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí.
Bíonn Cláir Foghlama Leibhéal 2 agus an cháilíocht dírithe ar ghrúpa an-sonrach scoláirí ag a bhfuil míchumais ghinearálta foghlama sna catagóirí ardfheidhmiúil measartha agus ísealfheidhmiúil éadrom. Is beag de na scoláirí sin atá ann (duine nó beirt i ngnáthscoil, tuilleadh i scoil speisialta) agus tá Pleananna Oideachais Aonair acu go léir. Tá na Cláir Foghlama bunaithe ar Aonaid Tosaíochta Foghlama (ATFanna) trína bhforbraítear bunscileanna, scileanna sóisialta agus scileanna réamhghairme na scoláirí lena mbaineann.
Forbraíodh na Cláir Foghlama ag Leibhéal 2 le scoileanna atá ag obair cheana féin leis an ngrúpa scoláirí sin agus d’oibrigh an CNCM ar an eispéireas sin chun Foireann Uirlisí a fhorbairt ar Chláir Foghlama Leibhéal 2 do mhúinteoirí. Cuid den Fhoireann Uirlisí sin is ea uirlis ríomhphleanála roghnach chun go mbeidh na Cláir Foghlama Leibhéal 2 níos éasca don scoláire.
Tugadh na Cláir Foghlama agus an cháilíocht sin isteach i scoileanna in 2014.
Is féidir leat na Treoirlínte agus an Fhoireann Uirlisí le haghaidh Chlár Foghlama Leibhéal 2 a rochtain ag an nasc seo:
Díreoidh Clár Foghlama Leibhéal 2 ar an ngrúpa an-sonrach scoláirí a bhfuil míchumais ghinearálta foghlama acu sna catagóirí ardfheidhmiúil measartha agus ísealfheidhmiúil éadrom.
Is beag de na scoláirí sin atá ann (duine nó beirt i ngnáthscoil, tuilleadh i scoil speisialta) agus tá pleananna tacaíochta don scoláire acu go léir. Beidh an Clár Foghlama ag Leibhéal 2 bunaithe ar Aonaid Tosaíochta Foghlama.
Díríonn na hAonaid Tosaíochta Foghlama ar bhunscileanna sóisialta, réamhghairme agus saoil an scoláire lena mbaineann a fhorbairt. Tá cúig Aonad Tosaíochta Foghlama Leibhéal 2 ann:
Díreoidh Cláir Foghlama Leibhéal 1 ar an ngrúpa an-sonrach scoláirí a bhfuil míchumais ghinearálta foghlama acu sna catagóirí ísealfheidhmiúil measartha agus géar agus trom. Beifear in ann an clár a phearsanú ionas go n-oirfidh sé do riachtanais aonair an spriocghrúpa scoláirí.
Is beag scoláirí mar sin atá ann agus de ghnáth is i Scoileanna Speisialta amháin a bhíonn siad. Tá pleananna tacaíochta do scoláirí acu go léir agus go minic bíonn iliomad riachtanas cognaíoch agus feidhmiúil casta acu. De ghnáth bíonn a gcuid foghlama dírithe ar leibhéal forbartha an-luath.
D’fhéadfadh deacracht a bheith ag an scoláire a bheadh i gceist an saol mórthimpeall orthu a thuiscint agus a n-áit sa saol sin. D’fhéadfadh deacrachtaí a bheith acu freisin le scileanna cumarsáide léirithigh agus glactha.
Cuimsítear i gCláir Foghlama Leibhéal 1 sé Aonad Tosaíochta Foghlama ina sainaithnítear agus ina bhforbraítear go follasach na príomhréimsí foghlama a theastaíonn chun na scoláirí a ullmhú dá saol amach anseo.
Cumarsáid, Teanga agus Litearthacht
Cúram Pearsanta agus Folláine
A bheith rannpháirteach i bPobal
Uimhearthacht
Na healaíona
Corpoideachas
Léigh an Doiciméad Eolais agus an Treoir le haghaidh Chláir Foghlama Leibhéal 1 anseo.
Léigh tuarascáil an phróisis comhairliúcháin anseo.
Cuirfear dréacht de Threoirlínte Chlár Foghlama Leibhéal 1 ar fáil do líon beag scoileanna i mí Mheán Fómhair 2017 i gcomhair trialach. Tabhair faoi deara go bhfuil an líon scoileanna atá ar an liosta don tionscadal trialach seo lán cheana féin.
© 2025 An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta. Gach ceart ar cosaint.