NCCA logo NCCA logo

Matamaitic Fheidhmeach

Tá Matamaitic Fheidhmeach san Ardteistiméireacht bunaithe ar fhisic mhatamaiticiúil.

  • Siollabas

    Tá sonraíocht nua do Mhatamaitic Fheidhmeach na hArdteistiméireachta á forbairt. Tá siollabas reatha Matamaitic Fheidhmeach na hArdteistiméireachta ar fáil anseo. Déantar é a mheas ar Ghnáthleibhéal agus ar Ardleibhéal.

  • Forbairt Ábhair

    Cuireadh tús le forbairt sonraíocht nua Matamaitic Fheidhmeach i mí na Samhna 2014.

    Déantar iniúchadh sa pháipéar cúlra agus sa tuarascáil chomhairliúcháin don Mhatamaitic Fheidhmeach don Ardteistiméireacht ar fhorbairt an ábhair sa tsraith shinsearach; leagtar béim ar dhea-chleachtas sa bhaile agus thar lear; agus úsáidtear taighde bunaithe ar fhianaise mar bhonn agus mar thaca d’athbhreithniú na sonraíochta.

    Tá ionadaithe i nGrúpa Forbartha na Matamaitice Feidhmí ó réimse comhlachtaí múinteoirí agus bainistíochta, an Roinn Oideachais agus Scileanna, agus Coimisiún na Scrúduithe Stáit.