Bunaithe ar aiseolas ó gheallsealbhóirí go dtí seo, ar iarratais ó gheallsealbhóirí agus i bhfianaise na gcomhthéacsanna dúshlánacha ina raibh ár scoileanna, múinteoirí agus scoláirí ag feidhmiú mar gheall ar phaindéim Covid-19, chomhaontaigh Comhairle CNCM síneadh ama a chur leis an amlíne don chomhairliúchán reatha go dtí deireadh mhí na Samhna 2021.
Fanfaidh na suirbhéanna ar líne, T1 agus T2 ar oscailt go dtí 5in ar an 30 Samhain 2021.
Glacfar le haighneachtaí scríofa go dtí 5.00in ar an 30 Samhain 2021.
Tionólfar cruinnithe déthaobhacha, seisiúin faisnéise agus fócasghrúpaí comhairliúcháin le linn an tsamhraidh le geallsealbhóirí nach bhfuil baint dhíreach acu le suíomhanna scoile.
Ó mhí Mheán Fómhair ar aghaidh, éascóidh CNCM cruinnithe déthaobhacha breise, seisiúin faisnéise agus fócasghrúpaí comhairliúcháin le geallsealbhóirí inár bpobail scoile; múinteoirí, príomhoidí agus scoláirí iar-bhunscoile i suíomhanna a fheidhmíonn trí mheán na Gaeilge agus i suíomhanna a fheidhmíonn trí Bhéarla.
I dteannta an chomhairliúcháin, sa scoilbhliain nua tabharfaidh CNCM faoi athbhreithniú ar chur i bhfeidhm luath na Gaeilge, T1 agus T2 sa tSraith Shóisearach. Tabharfaidh an t-athbhreithniú deis do mhúinteoirí agus do scoláirí a gcuid léargais, eispéireas agus tuairimí a roinnt ar chur i bhfeidhm shonraíochtaí Ghaeilge na Sraithe Sóisearaí go dtí seo.
Ag deireadh an phróisis chomhairliucháin:
Nuair a dhúnfar an próiseas comhairliúcháin seo déanfar diananailís ar an aiseolas uile agus foilseofar tuarascáil eatramhach ar an gcomhairliuchán. Beidh fáil ar an tuarascáil eatramhach ar an gcomhairliuchán ar shuíomh CNCM go luath in 2022.
Foilseofar tuarascáil ar chur i bhfeidhm luath ar Ghaeilge, T1 agus T2, sa tSraithe Shóisearach freisin go luath in 2022.
© 2025 An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta. Gach ceart ar cosaint.