Tá sonraíocht nua d’Fhisic na hArdteistiméireachta le tabhairt isteach in 2021.
Foilseofar an tsonraíocht churaclam bliain roimhe sin, i mí Mheán Fómhair 2020.
Tá comhairliúchán poiblí CNCM ar an athbhreithniú ar Fhisic, Ceimic agus Bitheolaíocht na hArdteistiméireachta dúnta faoi láthair. An gCáipéis Eolais faoin athbhreithniú ar Fhisic, Ceimic agus Bitheolaíocht na hArdteistiméireachta, atá ar fáil lena híoslódáil anseo:
I ndiaidh na céime seo, roinnfear an t-aiseolas ón gcomhairliúchán le meithleacha forbartha na Fisice, na Ceimice agus na Bitheolaíochta chun forbairt a sonraíochtaí ábhair a threorú.
Bhí an cruinniú ionduchtaithe don mheitheal forbartha nua d’Fhisic na hArdteistiméireachta ar siúl an 13 Meán Fómhair 2019 i mBaile Átha Luain.
Tá sonraíocht nua Fisice na hArdteistiméireachta á forbairt. Tá siollabas reatha na Fisice don Ardteistiméireacht ar fáil anseo. Déantar é a mheas ar Ghnáthleibhéal agus ar Ardleibhéal.
Cuireadh tús le forbairt sonraíocht nua na Fisice don Ardteistiméireacht i mí na Samhna 2006. Foilsíodh an dréachtsonraíocht le haghaidh comhairliúcháin in 2009. Tá an tuarascáil chomhairliúcháin ar fáil anseo.
Áirítear i sonraíocht nua na Fisice moladh le haghaidh measúnú praiticiúil. Tá triail ar bun i láthair na huaire ar an measúnú praiticiúil atá á dhéanamh ag CSS. Déanfar athbhreithniú ar an dréachtsonraíocht i ndiaidh na trialach.
Tá ionadaithe i nGrúpa Forbartha na Fisice ó réimse páirtithe leasmhara oideachais, lena n-áirítear comhlachtaí múinteoirí agus bainistíochta, an Roinn Oideachais agus Scileanna, agus Coimisiún na Scrúduithe Stáit.
© 2025 An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta. Gach ceart ar cosaint.