NCCA logo NCCA logo

Bitheolaíocht

Is é is aidhm leis an mbitheolaíocht san Ardteistiméireacht ná léirthuiscint a thabhairt d’fhoghlaimeoirí ar phróisis na cille agus an orgánaigh, ar éagsúlacht na beatha agus ar na hidirghaolmhaireachtaí idir gach neamh beo agus an timpeallacht ina maireann siad. Forbróidh foghlaimeoirí eolas riachtanach agus tuiscint ar réimsí áirithe den bhitheolaíocht agus an gaol atá eatarthu, agus tuigfidh siad an dóigh a ndéanann an tsochaí cinntí maidir le ceisteanna eolaíochta agus an dóigh a gcuireann bitheolaíocht leis an tsochaí.

Tá sonraíocht nua do Bhitheolaíocht na hArdteistiméireachta le tabhairt isteach in 2021.
Foilseofar an tsonraíocht churaclam bliain roimhe sin, i mí Mheán Fómhair 2020.

Tá comhairliúchán poiblí CNCM ar an athbhreithniú ar Fhisic, Ceimic agus Bitheolaíocht na hArdteistiméireachta dúnta faoi láthair. An gCáipéis Eolais faoin athbhreithniú ar Fhisic, Ceimic agus Bitheolaíocht na hArdteistiméireachta, atá ar fáil lena híoslódáil anseo:

I ndiaidh na céime seo, roinnfear an t-aiseolas ón gcomhairliúchán le meithleacha forbartha na Fisice, na Ceimice agus na Bitheolaíochta chun forbairt a sonraíochtaí ábhair a threorú.

Bhí an cruinniú ionduchtaithe don mheitheal forbartha nua do Bhitheolaíocht na hArdteistiméireachta ar siúl an 13 Meán Fómhair 2019 i mBaile Átha Luain.

Tá sonraíocht nua Bitheolaíocht na hArdteistiméireachta á forbairt. Tá siollabas reatha Bitheolaíocht na hArdteistiméireachta ar fáil anseo. Déantar é a mheas ar Ghnáthleibhéal agus ar Ardleibhéal.

Cuireadh tús le forbairt sonraíocht nua Bitheolaíocht na hArdteistiméireachta i mí na Samhna 2006. Foilsíodh an dréachtsonraíocht le haghaidh comhairliúcháin in 2009. Tá an tuarascáil chomhairliúcháin ar fáil anseo

Áirítear sa tsonraíocht nua don Bhitheolaíocht moladh le haghaidh measúnú praiticiúil. Tá triail ar bun i láthair na huaire ar an measúnú praiticiúil atá á dhéanamh ag CSS. Déanfar athbhreithniú ar an dréachtsonraíocht i ndiaidh na trialach.

Tá ionadaithe sa Ghrúpa Forbartha Bitheolaíochta ó réimse páirtithe leasmhara oideachais, lena n-áirítear comhlachtaí múinteoirí agus bainistíochta, an Roinn Oideachais agus Scileanna, agus Coimisiún na Scrúduithe Stáit.