Is faoi gach scoil a clár Idirbhliana féin a cheapadh, laistigh de threoirlínte socraithe, a oirfidh do riachtanais agus d'ábhair spéise a scoláirí féin.
Comhpháirteanna nua curaclaim is ea Idiraonaid, a thógann 45 uair an chloig d'am tráthchláir. I dteannta modúl níos giorra agus eispéireas foghlama eile, is féidir le scoileanna roinnt Idiraonad a thairiscint mar chuid de chlár na hIdirbhliana. Ní cúrsaí 'scrúdúcháin' atá i gceist le hIdiraonaid ach cúrsaí a dhéantar a mheasúnú mar chuid den teagasc agus den fhoghlaim a dhéantar san aonad.
Is féidir le scoileanna idiraonaid nua a cheapadh, nó cuid de na modúil a thairgeann siad cheana féin i gClár na hIdirbhliana a oiriúnú. Nó is féidir leo idiraonad atá á fhorbairt ag scoil nó ag eagraíocht eile a oiriúnú.
Sraith gníomhaíochtaí a fhéachann le tuiscint a chothú ar chomhpháirtíochtaí foghlama idir Thuaidh agus Theas atá san idiraonad seo. Cuireann sé dúshlán faoin scoláire súil chriticiúil a chaitheamh ar an tuiscint atá aige air féin, ar an domhan ina maireann sé agus ar an áit atá aige ann. Ba é Léargas a cheap, chun tacú leis an tionscadal Worldwise.
San idiraonad seo tabharfar buneolas don scoláire ar ghnéithe traidisiúnta agus ar ghnéithe nua-aimseartha de chultúr na Síne. Ceithre thopaic déag atá ann: bia Síneach, ceol Síneach, saol na scoile sa tSín agus go leor eile. Beidh deis ag an scoláire roinnt focal agus nathanna Sínise a fhoghlaim de réir mar a théann sé tríd an aonad. Institiúid Confucius na hÉireann UCD a cheap.
Ceapadh idiraonad ‘Pamoja-I dTeannta a Chéile ar son na gCeart' chun cabhrú le scoláirí forbairt agus cearta an duine a fhiosrú i gcomhthéacs domhanda. Tacaíonn sé le cur chuige atá bunaithe ar an scoláire, ina scrúdóidh sé ceist a bhaineann le cearta an duine a gcuireann sé féin spéis ann, déanfaidh sé tionscadail agus rachaidh sé i mbun gníomhaíochtaí chun feasacht a mhúscailt. Trócaire a cheap.
Buneolas ar cheisteanna forbartha atá san idiraonad seo. Spreagfaidh sé an scoláire chun dul i mbun anailíse, machnaimh agus gníomhaíochta ar mhaithe le tuiscint a fháil ar an rud is saoránach áitiúil agus saoránach domhanda ann. Déanann múinteoirí rogha as snáitheanna bunaithe ar théama - an Bhochtaineacht, an Choinbhleacht, Neamh-chomhionannas Inscne, Timpeallachtaí Inbhuanaithe, Trádáil; an tSláinte agus HIV/AIDS agus Cearta an Duine. Ba é Acadamh Mhuire, Ceatharlach, Self Help Africa, an Cuibhreannas um Chomhrac Galar na Bochtaineachta, a cheap.
Tugann an tIdiraonad seo deis don scoláire roinnt de na ceisteanna is mó atá le réiteach ag an domhan inniu a phlé. Foghlaimeoidh an scoláire conas taighde a dhéanamh ar ábhar, an t-ábhar a roghnú agus a mheas. Tabharfar deis dó féinmhuinín a fhorbairt agus scileanna óráidíochta a shealbhú trí dhul i mbun díospóireachta os comhair a phiaraí. Concern a cheap.
Ceapadh an t-idiraonad seo chun tuiscint níos leithne a thabhairt don scoláire ar oidhreacht bhia na hÉireann. Beidh deis ag an scoláire staidéar a dhéanamh ar fhorbairtí atá ag titim amach i gcúrsaí bia in Éirinn. Déanfaidh an scoláire béile éagsúla a phleanáil, a ullmhú, a chócaráil agus a chur i láthair agus is comhábhair thraidisiúnta agus táirgí áitiúla a úsáidfear cé go mbeidh na hoidis inoiriúnaithe do shaol an lae inniu. Fáilte Éireann a cheap.
Leis an idiraonad seo beidh deis ag an scoláire iniúchadh a dhéanamh ar ghnéithe den turasóireacht in Éirinn agus thar lear. Díreofar ann ar cheantar áitiúil an scoláire agus féachfaidh sé go grinn ar fhéidearthacht a cheantair féin mar áit inspéise do thurasóirí. Déanfaidh an t-idiraonad iniúchadh chomh maith ar dheiseanna oiliúna agus gairme i dtionscail na turasóireachta agus an fháilteachais. Fáilte Éireann a cheap.
Is túseolas ar phrionsabail na sábháilteachta agus na sláinte san ionad oibre atá san idiraonad seo. Beidh sé úsáideach go háirithe don scoláire a bheidh ag dul i mbun taithí oibre de chineál éigin agus dóibh siúd a bhfuil poist pháirtaimseartha nó poist saoire acu. Is réamheolas a bheidh ann don scoláire a rachaidh ag obair níos déanaí. An tÚdarás Sláinte agus Sábháilteachta a cheap.
Is éard atá i gceist san Aonad seo comhoibriú idir na múinteoirí Ealaíne agus Adhmadóireachta ionas gur féidir leis an scoláire cait adhmaid stílithe a dhéanamh. Chomh maith lena scileanna praiticiúla agus cruthaitheacha a fhorbairt is féidir leis an scoláire scileanna fiontraíochta a fhorbairt agus é i mbun pleanála chun na Artykats a dhíol ar an tslí is fearr. Margaret Maher (múinteoir Ealaíne) agus David O'Connell (múinteoir Staidéar Foirgníochta), Pobalscoil Chill Dhéagláin, a cheap.
Déanfaidh an scoláire turgnaimh, rólimirt agus obair thionscadail chun tuiscint a fháil ar an tionchar atá ag an athrú aeráide ar an domhan, agus ar na hathruithe is féidir leis féin a dhéanamh chun an t-athrú a mhaolú. Emma O'Beirne, Pobalscoil Chill Dhéagláin, a cheap.
San aonad seo spreagfar an scoláire chun ceisteanna a bhfuil tionchar acu ar an gcomhshaol a chíoradh. Déanfaidh sé tionscadail agus gníomhaíochtaí praiticiúla ar nós gairdín pobail a fhorbairt, athchúrsáil, crainn a chur, bleibíní a chur, gairdíní fiadhúlra, suirbhéanna ar an gcomhshaol srl. Terry Lawless, Pobalscoil Naomh Cillian, Bré, a cheap.
Cur chuige tionscadail a ghlactar sa chúrsa seo ar Bhóithre Sábháilte, chun scileanna agus luachanna a chur chun cinn le gur féidir leis an scoláire cinntí ciallmhara a dhéanamh ar an mbóthar agus aird a thabhairt ar chearta agus ar shábháilteacht daoine eile. Baintear úsáid as acmhainní digiteacha ar shuíomh gréasáin an Údaráis um Shábháilteacht ar Bhóithre: www.rsa.ie. An tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre a cheap.
Sa chúrsa Dearaidh agus Fionnachtana faigheann an scoláire taithí foghlama phraiticiúil trí réitigh chruthaitheacha a cheapadh ar ghnáthfhadhbanna sa dearadh agus san innealtóireacht. Intel a cheap.
Dírítear san aonad seo ar théamaí sa chultúr nua-aimseartha mar a ionramháiltear iad i sobalchláir, agus ar ghnéithe den scannánaíocht. Norma Murray, Pobalscoil Ghleann Maghair, a cheap
Gheobhaidh an scoláire deis, san idiraonad seo, bia a ullmhú ar shlite cruthaitheacha agus scileanna cócaireachta a shealbhú. Ag an am céanna foghlaimeoidh sé faoi cheisteanna a bhaineann le daoine óga. Kerry Miles, Coláiste Iósaf, Leamhcán, a cheap.
Túseolas ar staidéar ar an dlí agus ar an gcóras dlí in Éirinn a chuirtear ar fáil san idiraonad seo. Peter Leydon, Wesley College, Baile Átha Cliath, a cheap.
San idiraonad seo, foghlaimeoidh an scoláire bunscileanna oiliúna, sula dtéann sé i mbun oibre le daltaí bunscoile ina cheantar féin ar feadh roinnt seachtainí. Michael Carey, Pobalscoil Ghleann Maghair, a cheap.
Dírítear, san idiraonad seo, ar thuiscint leathan ar scannáin a thabhairt don scoláire agus ar chabhrú leis bheith níos eolaí agus níos criticiúla agus é ag féachaint ar scannáin. Denis Grace, Ardscoil San Lughaidh, Ráth Maonais a cheap.
Tá an t-idiraonad seo bunaithe ar na ceisteanna móra sa ghéineolaíocht agus sa bhiteicneolaíocht agus faigheann an scoláire tuiscint ar an tslí ina gcuirtear an teoiric i bhfeidhm gach lá.
San idiraonad seo déanfaidh an scoláire taighde ar ealaíontóir Éireannach a roghnaíonn sé féin agus cruthóidh sé mír ealaíne i stíl an ealaíontóra sin. Margaret Maher, Pobalscoil Chill Dhéagláin, a cheap.
Féachtar, san idiraonad seo, le litearthacht amhairc agus scileanna TFC an scoláire a fhorbairt le cabhair ó íomhánna amhairc agus íomhánna gluaisteacha. Norma Murray, Pobalscoil Ghleann Maghair, Corcaigh, a cheap.
Baineann an t-idiraonad seo, arna fhorbairt ag an nGníomhaireacht do Chomhrac na Bochtaine, úsáid as taithí an scoláire ar obair pobail mar shlí chun féachaint ar an obair a dhéanann grúpaí pobail agus eagraíochtaí pobail chun cuidiú leis siúd atá faoi mhíbhuntáiste a bheith níos rannpháirtí sa tsochaí. An Ghníomhaireacht do Chomhrac na Bochtaine a cheap.
Tugann an t-idiraonad seo spreagadh don scoláire iniúchadh a dhéanamh ar thimpeallacht a scoile féin, í a mheas agus a athrú d’fhonn í a fheabhsú. Tá sé i gceist iarracht a dhéanamh stádas mar 'Scoil Ghlas' a ghnóthú ó An Taisce. Brendan Walsh, Pobalscoil Ghleann Maghair, Corcaigh, a cheap.
San idiraonad seo, tugtar túseolas don scoláire ar 'cheird' na scríbhneoireachta agus spreagtar é a chuid taithí féin ar an saol a úsáid mar fhoinse inspioráide ina chuid scríbhneoireachta. Denis Carolan, Pobalscoil Chill Dhéagláin, a cheap.
Leagtar amach, san idiraonad seo, an tslí inar féidir le múinteoirí Béarla agus Staidéar Gnó teacht le chéile le scoláirí idirbhliana chun iris scoile a fhoilsiú. Alice Strain agus Mary Hayes, Meánscoil na Toirbhirte, Cluain Meala, a cheap.
San idiraonad seo gheobhaidh an scoláire blas de chultúr na Seapáine - tríd an gceol, scannáin, bia agus teanga. Melanie Earwaker, Ardscoil San Lughaidh, Ráth Maonais, a cheap.
San idiraonad seo bíonn deis ag an scoláire idirbhliana dul i mbun oibre le daltaí bunscoile le fáil amach cén tuiscint atá acu ar chúrsaí pobail, ar chairdeas agus ar Dhia. Kathriona Murphy, Meánscoil na Toirbhirte, Cluain Meala, a cheap.
Beidh deiseanna suimiúla le fáil ag an scoláire san idiraonad seo chun dul i mbun oibre traschuraclaim sna nua-theangacha, in oideachas reiligiúnach, sa tíreolaíocht, san eacnamaíocht bhaile agus sa stair chun na cultúir éagsúla atá i réim in Éirinn inniu a cheiliúradh. Aileen Keena, Coláiste Pobal Átha Luain, a cheap.
Dírítear san idiraonad seo ar scileanna léirithe ó bhéal an scoláire le go mbeidh sé in ann dul i mbun cumarsáide ar bhealach éifeachtach agus féinmhuiníneach. Déanfaidh an scoláire dul chun cinn pearsanta trí labhairt go féinmhuiníneach os comhair lucht éisteachta. Hazel Hannnon, Pobalcholáiste Átha Luain, a cheap, bunaithe ar acmhainní a cheap Bord Urlabhra agus Drámaíochta na hÉireann (www.irishboard.ie).
San idiraonad seo tugtar spreagadh don scoláire féachaint ar roghanna ardoideachais agus breisoideachais agus oiliúna. Foghlaimíonn an scoláire faoi na tréithe is láidre atá aige, na rudaí a gcuireann sé spéis iontu agus na rudaí is féidir leis a dhéanamh agus chun na cúrsaí oideachais oiriúnacha a roghnú a chabhróidh leis a chumas iomlán a bhaint amach. Tá an t-idiraonad seo dírithe ar an scoláire nach smaoineodh de ghnáth ar roghanna ardoideachais nó breisoideachais mar rogha. An tÚdarás um Ardoideachas a cheap.
San idiraonad seo gheobhaidh an scoláire léargas ar mar atá bochtaineacht agus neamh-chomhionannas á gcothabháil ar leibhéal domhanda agus conas ar féidir an bealach a oibríonn an domhan a athrú trí fhreagracht a ghlacadh mar shaoránaigh dhomhanda. Is féidir an t-idiraonad seo a nascadh leis an Stair, an Tíreolaíocht, an tOideachas Reiligiúnach agus an TFC. Tá béim láidir ar fhoghlaim ghníomhach san idiraonad seo, rud a fhágann gur slí spraíúil atá ann a mbainfidh an scoláire idirbhliana tairbhe agus taitneamh as. An Comhcheangal Fiachais agus Forbartha a cheap.
Gheobhaidh an scoláire túseolas ar ríomhchlárú agus ar ríomhchluichí san idiraonad spreagúil seo. Taispeánfar dó conas a chláir, a bheochana agus a scéalta féin a scríobh agus beocht a chur iontu in achar ama gearr. Is féidir na bogearraí, na bileoga oibre agus na pleananna ceachta a íoslódáil saor in aisce. Ba é Lero: Ionad Taighde na hÉireann ar Innealtóireacht Bogearraí, Ollscoil Luimnigh, a cheap.
Gheofar túseolas san idiraonad seo ar an scannánaíocht agus ar an íomhá ghluaisteach. Beidh deis ag an scoláire foghlaim ghníomhach a dhéanamh, i gclár struchtúrach de scannáin, pleananna ceachta agus gníomhaíochtaí, le tacú ó threoracha staidéir. Bunaítear an t-idiraonad ar thrí shnáithe ar leith - Scannáin do Dhéagóirí, Scannáin Éireannacha agus Scannáin de Chineálacha Eile (Físeanna níos Leithne), a scrúdaítear ar shlí sholúbtha, ag baint leasa as eolas agus as ábhar spéise an scoláire agus na múinteoirí. Gheofar treoracha staidéir le híoslódáil saor in aisce. Institiúid Scannán na hÉireann a cheap.
San idiraonad seo foghlaimeoidh an scoláire faoi thionscal an bhia in Éirinn mar aon leis na scileanna agus an t-eolas bunúsach is gá chun cuideachta bheag bunaithe ar tháirge bia a bhunú. Comhairle Blas na hÉireann a cheap.
© 2025 An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta. Gach ceart ar cosaint.