Cuireann an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) fáilte roimh fhoilsiú thuarascáil OECD Education in Ireland: an OECD Assessment of Senior Cycle Review.
Beidh fáil ar thuairisc OECD ar an 1 Nollaig, 2020.
Bhí trí chéim i gceist le próiseas an Athbhreithnithe ar an tSraith Shinsearach (2017–2020) faoi stiúir na Comhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) agus tairgeadh go leor deiseanna do pháirtithe leasmhara san oideachas machnamh a dhéanamh ar ghnéithe buana agus ar ghnéithe a bhíonn ag athrú d’oideachas na sraithe sinsearaí in Éirinn.
Bhain an chéad chéim le taighde idirnáisiúnta a rinneadh ar oideachas meánscoile sinsearaí i ndlínsí eile. Bhain an dara céim le hoibriú le scoileanna ar fud na tíre, tráth ar roinn scoláirí, tuismitheoirí, múinteoirí, ceannairí scoile agus páirtithe leasmhara eile a gcuid tuairimí ar a dtaithí ar an tsraith shinsearach agus ar thodhchaí na céime sin den oideachas. I gcéim a trí tugadh na téamaí a tháinig chun cinn ó chéim a dó chuig lucht féachana poiblí níos leithne. Mar chuid den chéim comhairliúcháin phoiblí díríodh ar fhócasghrúpaí réigiúnacha, ar shuirbhéanna ar líne agus ar chor is cúiteamh idir an dá thaobh, le grúpaí agus eagraíochtaí. Tá an Tuarascáil Chomhairleach maidir leis an tSraith Shinsearach á hullmhú ag CNCM anois le cur faoi bhráid an Aire Oideachais. Meastar go dtabharfar an obair seo chun críche in 2021.
I rith an athbhreithnithe, thug CNCM cuireadh do OECD measúnú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm phróiseas Athbhreithnithe na Sraithe Sinsearaí. Tharla sé sin sa dara céim den athbhreithniú (2018-19) tráth ar thug foireann OECD cuairt ar Éirinn agus ar bhuail siad le páirtithe leasmhara éagsúla, múinteoirí, príomhoidí agus scoláirí ina measc, chun a dtuairimí siúd a fháil maidir le próiseas an athbhreithnithe. Cuireadh torthaí mheasúnú OECD faoi bhráid Chomhdháil Comhairliúcháin na Sraithe Sinsearaí i mí Dheireadh Fómhair 2019 agus cuireadh Education in Ireland: an OECD Assessment of Senior Cycle Review faoi bhráid Chomhairle CNCM i mí na Samhna 2019.
Mar chuid den mheasúnú a cuireadh i láthair cuireadh an próiseas athbhreithnithe ar an tsraith shinsearach in Éirinn san áireamh i dtuarascáil OECD, tugadh aiseolas ar an dul chun cinn atá déanta, tairgeadh moltaí a chur bonn eolais faoi dhearadh chéim a trí den phróiseas athbhreithnithe ina raibh comhairliúchán poiblí níos leithne i gceist in 2019.
Thug foireann OECD aitheantas don phróiseas uaillmhianach comhairliúcháin ar thug CNCM faoi.“D’éirigh le CNCM próiseas cuimsitheach athbhreithnithe a cheapadh agus a chur i gcrích, agus bhailigh siad raon dearcthaí a bheidh in ann cur go mór leis an tsraith shinsearach. Cé go raibh ról lárnach ag páirtithe leasmhara ar leibhéal scoile leis an athbhreithniú, bhí baint ag an bpobal oideachais i gcoitinne leis chomh maith. Bhí an t-athbhreithniú ar bun i gcomhthráth leis na struchtúir atá i bhfeidhm cheana féin maidir le comhairle ar an mbeartas oideachais, ionadaíocht agus comhairliúchán, i dtaca le traidisiún comhpháirtíochta na hÉireann i ndéanamh beartas”.
Ba chúnamh tábhachtach a bhí in athbhreithniú OECD chun cuidiú le CNCM próiseas trédhearcach, comhoibritheach, inar díríodh ar réitigh, a chinntiú. Cuireadh an tuarascáil i gcrích sular thosaigh an phaindéim COVID-19 agus níor tugadh cothrom le dáta í chun an staid reatha a chur san áireamh*.
Is féidir na tuarascálacha ar an obair go léir maidir leis an gcomhairliúchán, anailís ESRI ar an athbhreithniú scoilbhunaithe agus gach nuashonrú eile a fháil ar ncca.ie/ga/an-tsraith-shinsearach.
* Cuireadh moill ar fhoilsiú thuarascáil OECD Education in Ireland: an OECD Assessment of Senior Cycle Review mar gheall ar Covid-19.
© 2025 An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta. Gach ceart ar cosaint.