Thacaigh na comhlachtaí bainistíochta seo a leanas leis an bpróiseas roghnaithe:
Úsáideadh na critéir roghnaithe thíos, agus coinníodh leis na staitisticí náisiúnta a bhaineann leis na critéir sin, chun an chéad liosta scoileanna a mheas, agus roghnaíodh 40 scoil ar deireadh. Ba iad na critéir roghnaithe a úsáideadh chun a chinntiú go raibh an ionadaíocht chomh forleathan agus ab fhéidir:
Próifíl shampla ionadaíoch na scoileanna Leagtar amach thíos próifíl na scoileanna sa sampla ionadaíoch, agus nuair is féidir cuirtear figiúirí an tsampla i gcomparáid leis na staitisticí náisiúnta atá ar fáil.
|
Scoil |
Seoladh |
Contae |
Coláiste Alexandra |
Baile an Mhuilinn |
Baile Átha Cliath |
Ardscoil Rís |
An Cuarbhóthar Thuaidh |
Luimneach |
Coláiste Pobail Bhaile Átha Luain |
Baile Átha Luain |
An Iarmhí |
Coláiste Bhaile Átha Í |
Baile Átha Í |
Cill Dara |
Pobalscoil Bhaile an Chollaigh |
Baile an Chollaigh |
Corcaigh |
Coláiste Ard Feá |
Tír Chianáin |
Muineachán |
Scoil Catherine McAuley |
An Cuarbhóthar Theas |
Luimneach |
CBS Shráid Synge |
Sráid Synge |
Baile Átha Cliath |
Coláiste Chroí Mhuire |
An Spidéal |
Gaillimh |
Coláiste Éinne |
Inis Mór, Árainn |
Gaillimh |
Coláiste Cranncha |
Bun Cranncha |
Dún na nGall |
Cross and Passion College |
Cill Chuillinn |
Cill Dara |
Coláiste Pobail Dhún Seachlainn |
Dún Seachlainn |
An Mhí |
Coláiste Pobail Fhine Gal |
Sord |
Baile Átha Cliath |
Gaelcholáiste Cheatharlach |
An Easca |
Ceatharlach |
Gaelcholáiste Charraig Uí Leighin |
Carraig Uí Leighin |
Corcaigh |
Coláiste na Dea-Chomhairle |
Ros Mhic Thriúin |
Loch Garman |
Scoil an Teaghlaigh Naofa |
Muinchille |
An Cabhán |
Pobalscoil Chill Airne |
Cill Airne |
Ciarraí |
Mainistir Loreto |
Deilginis |
Baile Átha Cliath |
Meánscoil Loreto |
Baile Brigín |
Baile Átha Cliath |
Mount St. Michael |
Clár Chlainne Mhuiris |
Maigh Eo |
Mount Temple Comprehensive |
Cluain Tarbh |
Baile Átha Cliath |
Foghlaim le Chéile Chill Mhantáin Thuaidh |
Bré |
Cill Mhantáin |
Pobalscoil Phort Mearnóg |
Port Mearnóg |
Baile Átha Cliath |
Meánscoil na Toirbhearta |
Warrenmount |
Baile Átha Cliath |
Coláiste na Rinne |
An Rinn |
Baile Átha Cliath |
St. Angela’s Secondary |
Baile Throcail |
Port Láirge |
Coláiste Bhréanainn |
Cill Airne |
Ciarraí |
St. Joseph’s Secondary School |
Droichead Átha |
Lú |
St. Joseph’s Secondary School |
An Ros |
Baile Átha Cliath |
St. Louis Community School |
Clár Chlainne Mhuiris |
Maigh Eo |
St. Mark’s Community School |
Tamhlacht |
Baile Átha Cliath |
St. Mary’s Academy CBS |
Ráth na Pise |
Ceatharlach |
St. Mary’s Secondary School |
Port Laoise |
Laois |
Scoil Naomh Uinsionn |
Dún Dealgan |
Lú |
Scoil Foghlaim le Chéile na Céime |
An Chéim |
Baile Átha Cliath |
Scoil Iosaf |
An Tulach |
An Clár |
Scoil Ruáin |
Durlas |
Tiobraid Árann |
Ursuline College |
Sligeach |
Sligeach |
Eolas scoileanna ar mian leo a bheith rannpháirteach san athbhreithniú
Chuirfeadh CNCM fáilte mhór roimh rannpháirtíocht níos forleithne scoileanna san athbhreithniú ar an tsraith shinsearach. D’fhéadfaí tabhairt faoi sin mar seo a leanas:
Téigh i dteagmháil linn ar seniorcycle@ncca.ie má tá aon eolas uait faoin gcaoi ar féidir leat do chuid a rá.
Sceideal don athbhreithniú
Ag tacú le plé ar fud na scoile ar fad
I dtimthriall a haon den athbhreithniú, díreofar na ceisteanna ar chuspóir oideachas na sraithe sinsearaí agus smaointeoireacht faoin todhchaí.
Tugtar breac-chuntas sa cháipéis seo a leanas ar cheisteanna thimthriall a haon le haghaidh scoileanna. Tá leideanna agus naisc le tuarascálacha taighde ann freisin a d’fhéadfadh cabhrú le tús a chur leis an bplé.
Taighde chun tacú le timthriall a haon
Dúshláin le haghaidh na sraithe sinsearaí
Dírítear i gcuid mhór den taighde a rinneadh ar an tsraith shinsearach ar na dúshláin atá os comhair scoláirí ar an leibhéal seo. Tarraingítear aird ar strus agus imní mar phríomhdheacrachtaí a bhíonn ag scoláirí agus iad ag teacht i dtreo dheireadh an dara leibhéal. Luaitear i roinnt taighde go bhfuil tábhacht agus críochnaitheacht an mheasúnaithe ar cheann de na príomhghnéithe a théann i bhfeidhm ar leibhéil struis na scoláirí, ach luaitear sa taighde céanna go bhfuil idirghníomhaíocht idir scoláire agus múinteoir, caidreamh le comhscoláirí, rogha cláir agus roghanna ábhar ina bpríomhchomharthaí de strus freisin.
Tugtar breac-chuntas sa staidéar seo (Baird, Hofenbeck, Elwood, Caro & Ahmed, 2014) ar na heispéiris dhifriúla a bhíonn ag múinteoirí agus scoláirí ar an Ardteistiméireacht. Cé go raibh taithí na múinteoirí srianta ag a réimse ábhair, bhí raon leathan éileamh ar na scoláirí thar a n-ábhair ar fad. Baineadh de thátal as go gcruthaíonn an teannas seo laistigh d'ábhair agus thar ábhair cúngú ar an gcuraclam agus go dtreisítear an teagasc don tástáil.
Tugtar breac-chuntas sa staidéar seo ar chuid de na héifeachtaí iarmharta de bharr pointí CAO ar theagasc agus foghlaim ar an dara leibhéal. Tá cúngú an churaclaim agus cónaidhmiú thaithí na sraithe sinsearaí leis na torthaí, agus pointí, a fhaightear sa scrúdú tar éis cohórt scoláirí a chruthú nach bhfuil ullmhaithe don ardoideachas. Cuirtear i leith an chórais freisin gur theip air réiteach fadhbanna agus foghlaim neamhspleách a chothú.
Ag féachaint ar dhlínsí eile
Tá taighde ar sholáthar oideachas meánscolaíochta sinsearaí i réimse dlínsí tar éis cosúlachtaí áirithe a nochtadh i dtéarmaí aidhmeanna agus chuspóirí na céime seo den oideachas. Sa Fhrainc, trí na trí chonair atá ar fáil (ginearálta, teicniúil agus gairmiúil), tá sé d’aidhm ag oideachas meánscolaíochta sinsearaí freagairt do bhuanna ar leith na scoláirí aonair agus dá bhrí sin cabhrú leo a gcumas a bhaint amach.
San Fhionlainn, is é aidhm na céime seo den oideachas an t-eolas agus na scileanna a thabhairt do scoláirí a theastaíonn le tabhairt faoi thuilleadh staidéir agus saol na hoibre, ach tá sé d’aidhm aige freisin a chur ar chumas na scoláirí tairbhe a bhaint as foghlaim ar feadh an tsaoil agus ról daonlathach, freagrach agus gníomhach a ghlacadh mar chuid de phobal áitiúil, náisiúnta, Eorpach agus domhanda.
Ag breathnú chun cinn
Tá roinnt príomhscileanna i réimse dlínse a bhfuil d’aidhm ag a gcuraclaim iad a leabú sa chéim seo den oideachas. Sainaithníonn an OECD trí phríomhdhúshlán don tsochaí: dúshláin gheilleagracha, shóisialta agus chomhshaoil. Chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin, teastóidh tacar scileanna, meonta agus inniúlachtaí níos leithne ó na scoláirí lena n-áirítear: scileanna cognaíocha agus meiteachognaíocha; scileanna sóisialta agus mothúchánacha; scileanna praiticiúla agus fisiciúla.
Scrúdaigh an Fóram Eacnamaíocht Domhanda treochtaí in éabhlóid an lucht saothair agus, de bharr nádúr athraithe an lucht saothair, thug sé le fios go bhfuil an cumas dul faoi athoiliúint agus uas-sciliú go héifeachtach le haghaidh saol oibre éagsúil agus athraitheach ar cheann de na príomhghnéithe a chuirfidh le fostaíocht rathúil.
Tá guth an scoláire lárnach san athbhreithniú ar an tsraith shinsearach. Chun go gcuirfear guth an scoláire san áireamh, forbraíodh an treoir seo a leanas faoi phróiseas ghuth an scoláire agus ceisteanna ghuth an scoláire chun tacú leis na scoileanna atá páirteach san athbhreithniú.
Mar phríomhpháirtithe leasmhara i bpobal na scoile, iarrtar ar thuismitheoirí ról a imirt san athbhreithniú ar an tsraith shinsearach. D'fhéadfadh na hábhair seo a leanas cabhrú le scoileanna agus le tuismitheoirí páirt a ghlacadh san athbhreithniú.
Cabhróidh an t-ábhar seo a leanas libh tabhairt faoin athbhreithniú ar an tsraith shinsearach i do scoilse.
I dtimthriall a haon den athbhreithniú, dhírigh na ceisteanna ar chuspóirí leathana na céime seo den oideachas. D’iarramar faoi thairbhí agus dúshláin na sraithe sinsearaí i scoileanna. Teastaíonn uainn anois gnéithe na gclár atá ar fáil inár scoileanna a chíoradh, gnéithe a bhféadfaimis foghlaim uathu san athbhreithniú seo ar an tsraith shinsearach. Teastaíonn uainn breathnú níos faide i gcéin, struchtúir eile don tsraith shinsearach a fhiosrú.
D’fhéadfadh siad seo a leanas cabhrú leis na ceisteanna sin a fhiosrú:
Taighde an Fhorais Taighde ar Oideachas ar an Idirbhliain
Taighde ESRI ar an Ardteistiméireacht Fheidhmeach
Ceisteanna Thimthriall a Dó do Scoileanna
Ceisteanna Thimthriall a Dó do Thuismitheoirí
Teimpléad freagraí do scoileanna
Teimpléad freagraí do thuismitheoirí
Cur i láthair PowerPoint faoi Thimthriall a Dó
© 2025 An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta. Gach ceart ar cosaint.