NCCA logo NCCA logo

Anailís ESRI agus feasacháin CNCM

Léigh an anailís is deireanaí ó ESRI agus feasacháin CNCM ó thimthriall a haon.

Chuir 41 iar-bhunscoil ar fud na hÉireann tús le tionscadal uaillmhianach i mí na Bealtaine 2018, chun a smaointe ar chuspóir oideachas na sraithe sinsearaí in Éirinn a cheapadh agus a roinnt le CNCM agus leis an tír ar fad. Is éard atá sa téacs seo léargas ar thaipéis shaibhir na smaointe sin a tháinig chun cinn ó mhúinteoirí, scoláirí agus ó thuismitheoirí agus iad ag plé chuspóir oideachas na Sraithe Sinsearaí in Éirinn, ag fiosrú taithí na scoláirí agus ag tabhairt moltaí maidir le treonna féideartha don tsraith shinsearach amach anseo. Iarraimid ort tuairisc iomlán ESRI Senior Cycle Review: Analysis of discussions with schools on the purpose of Senior Cycle education.
Fiosróidh scoileanna, i Sraith 2 den athbhreithniú seo, na conairí atá ar fáil don scoláire agus cé mhéid solúbthachta atá ar fáil faoin gcóras, nó ba cheart a chur ar fáil, chun tacú le gach scoláire a lánacmhainneacht a bhaint amach. Foilseofar an dara feasachán agus an dara anailís ansin.