NCCA logo NCCA logo

Comhairliúchán

Tugtar breac-chuntas sa cháipéis comhairliúcháin don athbhreithniú ar an tsraith shinsearach ar na téamaí a tháinig chun cinn agus ar na réimsí a dteastaíonn tuilleadh machnaimh ina leith.

Chuir CNCM tús le hathbhreithniú ar oideachas na sraithe sóisearaí i ndeireadh 2016. Ar an gcéad dul síos, bhreathnaíomar ar oideachas na sraithe sinsearaí/na meánscolaíochta sinsearaí i naoi ndlínse idirnáisiúnta. Ansin, d’oibrigh múinteoirí, scoláirí agus tuismitheoirí in 41 scoil le CNCM i rith na scoilbhliana 2018/2019 chun príomhláidreachtaí na sraithe sinsearaí a shainaithint mar aon le réimsí a d’fhéadfaí a fhorbairt sa tsraith shinsearach. 

Léirítear an plé a rinneadh i rith an athbhreithnithe ar scoil, ag na seimineáir náisiúnta agus sa taighde náisiúnta agus idirnáisiúnta ar an tsraith shinsearach sa Tuarascáil Eatramhach. Is féidir teacht ar an gcáipéis sin anseo thíos:

Tuarascáil eatramhach ar an Athbhreithniú ar an tSraith Shinsearach

Tugtar breac-chuntas sa cháipéis faoi chomhairliúchán na Sraithe Sinsearaí ar na réimsí sa tsraith shinsearach a tháinig chun cinn agus a dteastaíonn tuilleadh machnaimh ina leith. 

Cáipéis Comhairliúcháin ar an Athbhreithniú ar an tSraith Shinsearach

Tá an tríú céim den athbhreithniú ar an tsraith shinsearach ag tosú anois, is é sin an comhairliúchán poiblí. I ndiaidh duit na tuarascálacha sin a léamh, ba mhaith le CNCM go ndéanfá do mhachnamh ar na réimsí atá le forbairt agus do thuairim a chur in iúl dúinn. Is féidir páirt a ghlacadh sa chomhairliúchán ar bhealaí difriúla:

- Líon isteach an suirbhé 

- Freastail ar cheann de na fócasghrúpaí réigiúnacha. 

- Cuir aighneacht i scríbhinn 

Fáiltíonn CNCM roimh aighneachtaí ó aon duine ar spéis leo an comhairliúchán. Is é an spriocdháta chun an suirbhé a dhéanamh nó aighneacht ríomhphoist a chur chugainn an 1 Samhain 2019.

I ndiaidh an chéim seo a chur i gcrích, cuirfear tuarascáil chomhairleach i dtoll a chéile ina mbeidh réimsí tosaíochtaí, spriocanna níos fadtéarmaí agus sceideal beartaithe agus comhairle ar chomh tapa agus chomh mór agus a thabharfar faoi fhorbairtí sa tsraith shinsearach. Eiseofar an tuarascáil sin don Aire Oideachais agus Scileanna lena breithniú.

Is mian le CNCM buíochas a ghabháil leo siúd ar fad a ghlac páirt san athbhreithniú go dtí seo.

 

Eisíodh na feasacháin seo a leanas do na scoileanna ar fad i ndiaidh gach sraithe den athbhreithniú ar scoil.

Feasacháin a trí

Feasachán a dó

Feasachán a haon

Rinne an Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta (ESRI) anailís ar an aiseolas ó scoileanna faoi dhá shraith an athbhreithnithe in 2018/2019. Tá na tuarascálacha sin ar fáil anseo:

Tuarascáil ESRI ar shraith a haon

Tuarascáil ESRI ar shraith a dó

Tá achoimre ar an bplé ag na seimineáir náisiúnta ar fáil anseo.

Tá an tuarascáil faoi oideachas meánscolaíochta sinsearaí ar fáil anseo.