NCCA logo NCCA logo

Athbhreithniú i dteannta scoileanna

Tá scoileanna i lár an athbhreithnithe ar an tsraith shinsearach. Táimid ag cur tús le dhá shraith comhairliúcháin le hathbhreithniú bunaithe i scoileanna ó shampla ionadaíocht scoileanna. Tá an t-ábhar tacaíochta agus na suirbhéanna ar fad ar fáil thíos do na scoileanna ar fad chun rannpháirtíocht roghnach níos forleithne san athbhreithniú a éascú. Cuirimid fáilte roimh gach aighneacht.

  • Scoileanna comhoibrithe
    • • An próiseas roghnaithe

      Thacaigh na comhlachtaí bainistíochta seo a leanas leis an bpróiseas roghnaithe:  

      • Comhchoiste na mBainisteoirí 
      • Cumann na Scoileanna Pobail is Cuimsitheacha 
      • Cumann Náisiúnta na mBord Bainistíochta san Oideachas Speisialta 
      • Bord Oideachais agus Oiliúna na hÉireann 

      Úsáideadh na critéir roghnaithe thíos, agus coinníodh leis na staitisticí náisiúnta a bhaineann leis na critéir sin, chun an chéad liosta scoileanna a mheas, agus roghnaíodh 40 scoil ar deireadh.  Ba iad na critéir roghnaithe a úsáideadh chun a chinntiú go raibh an ionadaíocht chomh forleathan agus ab fhéidir: 

      • stádas DEIS
      • inscne 
      • cineál scoile
      • méid na scoile 
      • láthair gheografach 
      • teanga an teagaisc. 

       

    • • Próifíl grúpa scoileanna.

       

      Próifíl shampla ionadaíoch na scoileanna 

      Leagtar amach thíos próifíl na scoileanna sa sampla ionadaíoch, agus nuair is féidir cuirtear figiúirí an tsampla i gcomparáid leis na staitisticí náisiúnta atá ar fáil.  

        

      Meánscoil 

      BOO  

      P agus C  

      Speisialta 

      DEIS  

      % Náisiúnta 

      54 

      34 

      12 

        

      28 

      % den 40 scoil roghnaithe 

      52.5 

      29 

      12 

      4.8 

      27 

      Líon na scoileanna roghnaithe 

      21 

      12 

      5 

      2 

      11 

        

        

      Measctha  

      Buachaillí  

      Cailíní  

      Gaeilge 

      % Náisiúnta 

      67 

      14 

      19 

      6.7 

      % den 40 scoil roghnaithe 

      61 

      17 

      19 

      9.7 

      Líon na scoileanna roghnaithe 

      25 

      7 

      8 

      4 

        

      Baile Átha Cliath  

      Taobh amuigh de BÁC 

      12 scoil 

      28 scoil 

      30%  

      70%  

    • • Liosta scoileanna

      Scoil 

      Seoladh 

      Contae 

      Coláiste Alexandra 

      Baile an Mhuilinn 

      Baile Átha Cliath 

      Ardscoil Rís 

      An Cuarbhóthar Thuaidh 

      Luimneach 

      Coláiste Pobail Bhaile Átha Luain 

      Baile Átha Luain 

      An Iarmhí 

      Coláiste Bhaile Átha Í 

      Baile Átha Í 

      Cill Dara 

      Pobalscoil Bhaile an Chollaigh 

      Baile an Chollaigh 

      Corcaigh 

      Coláiste Ard Feá 

      Tír Chianáin 

      Muineachán 

      Scoil Catherine McAuley 

      An Cuarbhóthar Theas  

      Luimneach 

      CBS Shráid Synge 

      Sráid Synge  

      Baile Átha Cliath 

      Coláiste Chroí Mhuire 

      An Spidéal 

      Gaillimh 

      Coláiste Éinne 

      Inis Mór, Árainn 

      Gaillimh 

      Coláiste Cranncha 

      Bun Cranncha 

      Dún na nGall 

      Cross and Passion College 

      Cill Chuillinn 

      Cill Dara  

      Coláiste Pobail Dhún Seachlainn 

      Dún Seachlainn 

      An Mhí 

      Coláiste Pobail Fhine Gal 

      Sord 

      Baile Átha Cliath 

      Gaelcholáiste Cheatharlach 

      An Easca 

      Ceatharlach 

      Gaelcholáiste Charraig Uí Leighin 

      Carraig Uí Leighin 

      Corcaigh 

      Coláiste na Dea-Chomhairle 

      Ros Mhic Thriúin 

      Loch Garman 

      Scoil an Teaghlaigh Naofa 

      Muinchille 

      An Cabhán  

      Pobalscoil Chill Airne 

      Cill Airne 

      Ciarraí 

      Mainistir Loreto 

      Deilginis 

      Baile Átha Cliath  

      Meánscoil Loreto 

      Baile Brigín 

      Baile Átha Cliath 

      Mount St. Michael 

      Clár Chlainne Mhuiris 

      Maigh Eo  

      Mount Temple Comprehensive 

      Cluain Tarbh 

      Baile Átha Cliath 

      Foghlaim le Chéile Chill Mhantáin Thuaidh 

      Bré 

      Cill Mhantáin  

      Pobalscoil Phort Mearnóg 

      Port Mearnóg 

      Baile Átha Cliath 

      Meánscoil na Toirbhearta 

      Warrenmount 

      Baile Átha Cliath 

      Coláiste na Rinne 

      An Rinn 

      Baile Átha Cliath 

      St. Angela’s Secondary 

      Baile Throcail 

      Port Láirge   

      Coláiste Bhréanainn 

      Cill Airne 

      Ciarraí 

      St. Joseph’s Secondary School 

      Droichead Átha 

      Lú 

      St. Joseph’s Secondary School 

      An Ros 

      Baile Átha Cliath 

      St. Louis Community School 

      Clár Chlainne Mhuiris 

      Maigh Eo  

      St. Mark’s Community School 

      Tamhlacht 

      Baile Átha Cliath 

      St. Mary’s Academy CBS 

      Ráth na Pise 

      Ceatharlach 

      St. Mary’s Secondary School 

      Port Laoise 

      Laois 

      Scoil Naomh Uinsionn 

      Dún Dealgan 

      Lú  

      Scoil Foghlaim le Chéile na Céime  

      An Chéim  

      Baile Átha Cliath 

      Scoil Iosaf 

      An Tulach 

      An Clár 

      Scoil Ruáin 

      Durlas 

      Tiobraid Árann  

      Ursuline College 

      Sligeach  

      Sligeach  

    • • Nóta eolais do scoileanna.
  • Scoileanna ar mian leo a bheith rannpháirteach

    Eolas scoileanna ar mian leo a bheith rannpháirteach san athbhreithniú 

     

    Chuirfeadh CNCM fáilte mhór roimh rannpháirtíocht níos forleithne scoileanna san athbhreithniú ar an tsraith shinsearach. D’fhéadfaí tabhairt faoi sin mar seo a leanas:  

    • aon eolas ar an athbhreithniú a roinnt/a scaipeadh  
    • plé a éascú i measc foirne/tuismitheoirí/scoláirí chun aiseolas a thabhairt dúinn 
    • páirt a ghlacadh sa chomhairliúchán deiridh sa dara ráithe de 2019. 

     

    Téigh i dteagmháil linn ar seniorcycle@ncca.ie má tá aon eolas uait faoin gcaoi ar féidir leat do chuid a rá. 

  • Sceideal don athbhreithniú

    Sceideal don athbhreithniú 

  • Ábhar chun tacú leis an athbhreithniú
    • Ag tacú le plé ar fud na scoile ar fad

      Ag tacú le plé ar fud na scoile ar fad

      I dtimthriall a haon den athbhreithniú, díreofar na ceisteanna ar chuspóir oideachas na sraithe sinsearaí agus smaointeoireacht faoin todhchaí.

      Tugtar breac-chuntas sa cháipéis seo a leanas ar cheisteanna thimthriall a haon le haghaidh scoileanna. Tá leideanna agus naisc le tuarascálacha taighde ann freisin a d’fhéadfadh cabhrú le tús a chur leis an bplé.

      • Taighde chun tacú le timthriall a haon

        Taighde chun tacú le timthriall a haon 

        Dúshláin le haghaidh na sraithe sinsearaí 

        Dírítear i gcuid mhór den taighde a rinneadh ar an tsraith shinsearach ar na dúshláin atá os comhair scoláirí ar an leibhéal seo. Tarraingítear aird ar strus agus imní mar phríomhdheacrachtaí a bhíonn ag scoláirí agus iad ag teacht i dtreo dheireadh an dara leibhéal. Luaitear i roinnt taighde go bhfuil tábhacht agus críochnaitheacht an mheasúnaithe ar cheann de na príomhghnéithe a théann i bhfeidhm ar leibhéil struis na scoláirí, ach luaitear sa taighde céanna go bhfuil idirghníomhaíocht idir scoláire agus múinteoir, caidreamh le comhscoláirí, rogha cláir agus roghanna ábhar ina bpríomhchomharthaí de strus freisin. 

        Tugtar breac-chuntas sa staidéar seo (Baird, Hofenbeck, Elwood, Caro & Ahmed, 2014) ar na heispéiris dhifriúla a bhíonn ag múinteoirí agus scoláirí ar an Ardteistiméireacht. Cé go raibh taithí na múinteoirí srianta ag a réimse ábhair, bhí raon leathan éileamh ar na scoláirí thar a n-ábhair ar fad. Baineadh de thátal as go gcruthaíonn an teannas seo laistigh d'ábhair agus thar ábhair cúngú ar an gcuraclam agus go dtreisítear an teagasc don tástáil. 

        Tugtar breac-chuntas sa staidéar seo ar chuid de na héifeachtaí iarmharta de bharr pointí CAO ar theagasc agus foghlaim ar an dara leibhéal. Tá cúngú an churaclaim agus cónaidhmiú thaithí na sraithe sinsearaí leis na torthaí, agus pointí, a fhaightear sa scrúdú tar éis cohórt scoláirí a chruthú nach bhfuil ullmhaithe don ardoideachas. Cuirtear i leith an chórais freisin gur theip air réiteach fadhbanna agus foghlaim neamhspleách a chothú.

        Ag féachaint ar dhlínsí eile 

        Tá taighde ar sholáthar oideachas meánscolaíochta sinsearaí i réimse dlínsí tar éis cosúlachtaí áirithe a nochtadh i dtéarmaí aidhmeanna agus chuspóirí na céime seo den oideachas. Sa Fhrainc, trí na trí chonair atá ar fáil (ginearálta, teicniúil agus gairmiúil), tá sé d’aidhm ag oideachas meánscolaíochta sinsearaí freagairt do bhuanna ar leith na scoláirí aonair agus dá bhrí sin cabhrú leo a gcumas a bhaint amach. 

        San Fhionlainn, is é aidhm na céime seo den oideachas an t-eolas agus na scileanna a thabhairt do scoláirí a theastaíonn le tabhairt faoi thuilleadh staidéir agus saol na hoibre, ach tá sé d’aidhm aige freisin a chur ar chumas na scoláirí tairbhe a bhaint as foghlaim ar feadh an tsaoil agus ról daonlathach, freagrach agus gníomhach a ghlacadh mar chuid de phobal áitiúil, náisiúnta, Eorpach agus domhanda.  

        Ag breathnú chun cinn 

        Tá roinnt príomhscileanna i réimse dlínse a bhfuil d’aidhm ag a gcuraclaim iad a leabú sa chéim seo den oideachas. Sainaithníonn an OECD trí phríomhdhúshlán don tsochaí: dúshláin gheilleagracha, shóisialta agus chomhshaoil. Chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin, teastóidh tacar scileanna, meonta agus inniúlachtaí níos leithne ó na scoláirí lena n-áirítear: scileanna cognaíocha agus meiteachognaíocha; scileanna sóisialta agus mothúchánacha; scileanna praiticiúla agus fisiciúla. 

        Scrúdaigh an Fóram Eacnamaíocht Domhanda treochtaí in éabhlóid an lucht saothair agus, de bharr nádúr athraithe an lucht saothair, thug sé le fios go bhfuil an cumas dul faoi athoiliúint agus uas-sciliú go héifeachtach le haghaidh saol oibre éagsúil agus athraitheach ar cheann de na príomhghnéithe a chuirfidh le fostaíocht rathúil.

    • Ag tacú le guth an scoláire

      Tá guth an scoláire lárnach san athbhreithniú ar an tsraith shinsearach. Chun go gcuirfear guth an scoláire san áireamh, forbraíodh an treoir seo a leanas faoi phróiseas ghuth an scoláire agus ceisteanna ghuth an scoláire chun tacú leis na scoileanna atá páirteach san athbhreithniú.

    • Ag tacú le guth an tuismitheora

      Mar phríomhpháirtithe leasmhara i bpobal na scoile, iarrtar ar thuismitheoirí ról a imirt san athbhreithniú ar an tsraith shinsearach. D'fhéadfadh na hábhair seo a leanas cabhrú le scoileanna agus le tuismitheoirí páirt a ghlacadh san athbhreithniú.

  • Sraith Comhairliúcháin 1
  • Sraith Comhairliúcháin 2

    I dtimthriall a haon den athbhreithniú, dhírigh na ceisteanna ar chuspóirí leathana na céime seo den oideachas. D’iarramar faoi thairbhí agus dúshláin na sraithe sinsearaí i scoileanna. Teastaíonn uainn anois gnéithe na gclár atá ar fáil inár scoileanna a chíoradh, gnéithe a bhféadfaimis foghlaim uathu san athbhreithniú seo ar an tsraith shinsearach. Teastaíonn uainn breathnú níos faide i gcéin, struchtúir eile don tsraith shinsearach a fhiosrú.

    D’fhéadfadh siad seo a leanas cabhrú leis na ceisteanna sin a fhiosrú:

    Taighde an Fhorais Taighde ar Oideachas ar an Idirbhliain

    Taighde ESRI ar an Ardteistiméireacht Fheidhmeach

    Ceisteanna Thimthriall a Dó do Scoileanna

    Ceisteanna Thimthriall a Dó do Thuismitheoirí

    Teimpléad freagraí do scoileanna

    Teimpléad freagraí do thuismitheoirí

     

    Cur i láthair PowerPoint faoi Thimthriall a Dó