Is é is aidhm le OSPS na sraithe sinsearaí tacú le foghlaimeoirí roghanna eolacha a dhéanamh maidir le sláinte agus le folláine anois agus sa todhchaí. Déantar forbairt sa chreat ar fhoghlaim an scoláire roimhe sin sa tsraith bhunscoile agus shóisearach OSPS.
Tá an creat seo múnlaithe thart ar chúig réimse foghlama:
Athbhreithniú OCG
Ar iarraidh an Aire Oideachais agus Scileanna, tugadh faoi athbhreithniú mór ar an OCG i mbunscoileanna agus in iarbhunscoileanna ó Mheitheamh 2018. Scrúdaíodh leis an athbhreithniú eispéireas na múinteoireachta agus na foghlama san OCG lena n-áirítear; an curaclam, an cur chuige i leith na foghlama, na tacaí atá riachtanach, agus bealaí chun eispéireas an OCG do dhaltaí a fheabhsú. Ghlac cuid mhaith daoine páirt san athbhreithniú, rud lena léirítear leibhéal na spéise atá ag daoine i ngné seo an oideachais. Bhí daltaí, tuismitheoirí, múinteoirí, ceannairí scoile, taighdeoirí agus eagraíochtaí páirteach san athbhreithniú d’fhonn an cineál eispéiris a bhí ag daoine óga ar an OCG a thuiscint.
Rinneadh an t-athbhreithniú i dhá chéim. Tharla an chéad chéim idir Meitheamh 2018 agus Márta 2019. Bhí rannpháirtíocht fhorleathan sa chéim seo den chomhairliúchán. De bhun an chomhairliúcháin fhairsing seo, chuir an CNCM Dréacht-Tuarascáil ar an Athbhreithniú ar Oideachas Caidrimh agus Gnéasachta (OCG) i mBunscoileanna agus in Iar-Bhunscoileanna ar fáil agus thosaigh sí ar an dara céim den chomhairliúchán ó Iúil go Deireadh Fómhair 2019.Bhí an comhairliúchán breise seo bunaithe ar mholtaí sa dréacht-Tuarascáil a chuimsigh; an chomhairle atá beartaithe maidir le cur chuige OCG amach anseo, moltaí maidir le forbairtí curaclaim amach anseo, na coinníollacha is gá le haghaidh OCG éifeachtach agus cúinsí eile. Éascaíodh aiseolas trí shuirbhé ar líne agus aighneachtaí scríofa.
Tuarascáil ar an Athbhreithniú ar Oideachas Caidrimh agus Gnéasachta (OCG)
Foilseofar leagan Gaeilge den Tuarascáil ar an Athbhreithniú ar Oideachas Caidrimh agus Gnéasachta (OCG) i mBunscoileanna agus in Iar-Bhunscoileanna go luath. Tá tuarascáil ar an Athbhreithniú ar Oideachas Caidrimh agus Gnéasachta (OCG) imBunscoileanna agus Iarbhunscoileanna ar fáil anseo.
Páipéar Taighde
Chun tacú le daoine a bhfuil suim acu san Athbhreithniú ar OCG, tá páipéar taighde scríofa ag an Ollamh Mark Morgan, Dr Seline Keating agus Dr Bernie Collins ar fáil anseo.
Guth na Mac Léinn
D'eagraigh an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige lá comhairliúcháin le 77 ionadaí ó Chomhairlí na nÓg. Tá tuairisc ghearr ar an gcomhairliúcháin le fail anseo.
Aighneachtaí Scriofa
Is cuid thábhachtach de phróiseas comhairliúcháin an CNCM iad na haighneachtaí scríofa.
Aighneachtaí scríofa ó chéim a haon anseo.
Aighneachtaí scríofa ó chéim a dó anseo.
Uasdátú ar obair CNCM ag eascairt as an Tuarascáil ar an Athbhreithniú ar Oideachas Caidrimh agus Gnéasachta (OCG) i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna
Tá dhá mheitheal forbartha bunaithe ag CNCM, ceann don bhunscoil agus ceann don iar-bhunscoil, le maoirsiú a dhéanamh ar an obair forbartha sa réimse sin. Tosfhaidh an dá mheitheal sin ag teacht le chéile i mí Dheireadh Fómhair 2020. Déantar achoimre ar na príomhréimsí oibre thíos.
Treoir Eatramhach: Is é fócas gearrthréimhseach obair na meithleacha forbartha dréacht-ábhair a fhorbairt a chuirfear san áireamh sa Treoir Eatramhach do theagasc OSPS/OCG. Is é sprioc na Treorach sin tacú le múinteoirí le go mbeidh siad in ann dul i ngleic leis an gcuraclam reatha ar bhealach níos muiníní agus níos iomlánaíche. Tá na hábhair tacaíochta sin ar fáil i bhfoirm uirlisí ar líne anseo.
Acmhainní: D’oibrigh CNCM i gcomhar leis na seirbhísí tacaíochta forbartha gairmiúla do mhúinteoirí agus le grúpaí ábhartha eile chun iniúchadh ar na hacmhainní teagaisc agus foghlama atá ar fáil faoi láthair do OSPS/OCG a chur i gcrích. Bunaithe air sin, tá liosta cuimsitheach acmhainní curtha le chéile a fhoilseofar mar chuid de na huirlisí treorach eatramhaí ar líne do OSPS/OCG. Fágfaidh sé seo go bhfuil pointe rochtana ar líne amháin ann le haghaidh acmhainní atá cothrom le dáta. Tá na hachmainní le fáil anseo.
Forbairt Curaclaim: Moltar sa Tuarascáil go bhforbrófar curaclam comhtháite amháin do OCG agus OSPS a chuimseoidh an t-oideachas bunscoile agus iar-bhunscoile araon, agus a chinnteoidh go mbeidh an t-am cuí ann lena mhúineadh. Cuirfear tús leis an obair ar na sonraíochtaí nua do OSPS/OCG in CNCM in 2021-2022, ag tosú leis an tsraith shóisearach. De réir mar a fhorbrófar an curaclam, oibreofar leis na príomhpháirtithe leasmhara oideachais ar fad agus beidh tuilleadh próisis comhairliúcháin phoiblí ann chomh maith sula gcríochnófar aon sonraíocht churaclaim nua.
Amlíne na bPríomhghníomhaíochtaí
Cruinniú na Meithleacha Forbartha - DF 2020 ar aghaidh
Foilsiú na Treorach Eatramhaí - Ean 2021 – Noll 2021
Athfhorbairt an churaclaim OSPS/OCG - Sraith Shóisearach 2021-2022, Sraith Shinsearach agus Bunscoil 2023
Comhairliúcháin ar dhréacht-churaclam athbhreithnithe - leanúnach
© 2025 An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta. Gach ceart ar cosaint.