NCCA logo NCCA logo

Comhairliúchán ar dhréachtsonraíocht Ghaeilge na hArdteistiméireachta T2

Glac páirt anois!

Tá an tsonraíocht do Ghaeilge na hArdteistiméireachta T2 dírithe ar scoláirí a bhfuil an Ghaeilge á saothrú acu mar dhara teanga go príomha agus atá i scoileanna a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla.

Baileofar aiseolas agus dearcthaí trí shuirbhéanna ar líne, trí fhócasghrúpaí comhairliucháin, trí chruinnithe déthaobhacha agus trí aighneachtaí scríofa.

Beidh an comhairliúchán ar oscailt go dtí an 30 Samhain 2021.

Tá fáil ar dhréachtsonraíocht Ghaeilge na hArdteistiméireachta T2 anseo.

  • Suirbhé ar líne

    Is féidir leat an suirbhé ar líne a chomhlánú anseo. Dúnfar an suirbhé ag 5in ar an Máirt, 30 Samhain 2021.

  • Fócasghrúpaí comhairliúcháin

    Reáchtáltar fócasghrúpaí comhairliúcháin chun aiseolas a fháil ó mhúinteoirí agus ó gheallsealbhóirí ar dhréachtsonraíocht Ghaeilge na hArdteistiméireachta T2.

    Tionólfar seisiúin faisnéise agus fócasghrúpaí comhairliúcháin le linn an tsamhraidh le geallsealbhóiri nach bhfuil baint dhíreach acu le suíomhanna scoile.

    Ó mhí Mheán Fómhair ar aghaidh, éascóidh CNCM seisiúin faisnéise agus fócasghrúpaí comhairliúcháin le geallsealbhóirí inár bpobail scoile; múinteoirí, príomhoidí agus scoláirí iar-bhunscoile i suíomhanna a fheidhmíonn trí mheán na Gaeilge agus i suíomhanna a fheidhmíonn trí Bhéarla.

  • Cruinnithe déthaobhacha

    Le linn an chomhairliúcháin, reáchtálfar sraith de chruinnithe déthaobhacha idir CNCM agus geallsealbhóirí an oideachais agus na Gaeilge chun dréachtsonraíochtaí Ghaeilge na hArdteistiméireachta T1 agus T2 a phlé agus aiseolas a thabhairt.

    Tionólfar cruinnithe déthaobhacha le linn an tsamhraidh le geallsealbhóirí nach bhfuil baint dhíreach acu le suíomhanna scoile.

    Ó mhí Mheán Fómhair ar aghaidh, éascóidh CNCM cruinnithe déthaobhacha breise le geallsealbhóirí inár bpobail scoile.

  • Aighneachtaí scríofa

    Cuireann CNCM fáilte roimh aighneachtaí scríofa mar chuid den chomhairliúchán ar dhréachtsonraíocht Ghaeilge na hArdteistiméireachta T2. 

    Is féidir d’aighneacht a sheoladh chugainn trí r-phost ag comhairliuchanT2@ncca.ie. Glacfar le haighneachtaí go dtí 5.00in ar an Máirt, 30 Samhain 2021.