Tá sonraíocht nua Eacnamaíocht na hArdteistiméireachta á forbairt. Tá siollabas reatha Eacnamaíocht na hArdteistiméireachta ar fáil anseo. Déantar é a mheas ar Ghnáthleibhéal agus ar Ardleibhéal.
Cuireadh tús le forbairt sonraíocht nua Eacnamaíocht na hArdteistiméireachta i mí na Samhna 2014.
Déantar iniúchadh sa pháipéar cúlra agus sa tuarascáil chomhairliúcháin d’Eacnamaíocht na hArdteistiméireachta ar fhorbairt an ábhair sa tsraith shinsearach; leagtar béim ar dhea-chleachtas sa bhaile agus thar lear; agus úsáidtear taighde bunaithe ar fhianaise mar bhonn agus mar thaca d’athbhreithniú na sonraíochta.
Tá ionadaithe i nGrúpa Forbartha na hEacnamaíochta ó réimse páirtithe leasmhara oideachais, lena n-áirítear comhlachtaí múinteoirí agus bainistíochta, an Roinn Oideachais agus Scileanna, agus Coimisiún na Scrúduithe Stáit. Is féidir teacht ar thuarascálacha ó chruinnithe an ghrúpa forbartha anseo.
Forbraíodh dréachtsonraíocht do Eacnamaíocht na hArdteistiméireachta ó mhí na Samhna 2014 - Feabhra 2017. Tá an dréachtsonraíocht ar fáil anseo.
© 2025 An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta. Gach ceart ar cosaint.