Uasdátú ar obair CNCM ag eascairt as an Tuarascáil ar an Athbhreithniú ar Oideachas Caidrimh agus Gnéasachta (OCG) i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna
Tá dhá mheitheal forbartha bunaithe ag CNCM, ceann don bhunscoil agus ceann don iar-bhunscoil, le maoirsiú a dhéanamh ar an obair forbartha sa réimse sin. Thosfaidh an dá mheitheal sin ag teacht le chéile i mí Dheireadh Fómhair 2020. Déantar achoimre ar na príomhréimsí oibre thíos.
Treoir Eatramhach: Is é fócas gearrthréimhseach obair na meithleacha forbartha dréacht-ábhair a fhorbairt a chuirfear san áireamh sa Treoir Eatramhach do theagasc OSPS/OCG. Is é sprioc na Treorach sin tacú le múinteoirí le go mbeidh siad in ann dul i ngleic leis an gcuraclam reatha ar bhealach níos muiníní agus níos iomlánaíche. Cuirfear na hábhair tacaíochta sin ar fáil i bhfoirm uirlisí ar líne anseo:
Acmhainní: D’oibrigh CNCM i gcomhar leis na seirbhísí tacaíochta forbartha gairmiúla do mhúinteoirí agus le grúpaí ábhartha eile chun iniúchadh ar na hacmhainní teagaisc agus foghlama atá ar fáil faoi láthair do OSPS/OCG a chur i gcrích. Bunaithe air sin, tá liosta cuimsitheach acmhainní curtha le chéile a fhoilseofar mar chuid de na huirlisí treorach eatramhaí ar líne do OSPS/OCG. Fágfaidh sé seo go bhfuil pointe rochtana ar líne amháin ann le haghaidh acmhainní atá cothrom le dáta. Ta na achmhainní ar fáíl ag na naisc leis na huirlisí úsáide ar líne thuas.
Forbairt Curaclaim: Moltar sa Tuarascáil go bhforbrófar curaclam comhtháite amháin do OCG agus OSPS a chuimseoidh an t-oideachas bunscoile agus iar-bhunscoile araon, agus a chinnteoidh go mbeidh an t-am cuí ann lena mhúineadh. Cuirfear tús leis an obair ar na sonraíochtaí nua do OSPS/OCG in CNCM in 2021 -2022, ag tosú leis an tsraith shóisearach. De réir mar a fhorbrófar an curaclam, oibreofar leis na príomhpháirtithe leasmhara oideachais ar fad agus beidh tuilleadh próisis comhairliúcháin phoiblí ann chomh maith sula gcríochnófar aon sonraíocht churaclaim nua.
Tá athbhreithniú ar ghearrchúrsa an tSraith sóisearach OSPS ar siúl. Cuirfidh an t-aiseolas ón athbhreithniú seo bonn eolais faoi obair an Ghrúpa Forbartha SPHE / OCG maidir le sonraíocht nuashonraithe SPHE timthriall sóisearach a dhréachtú. Beidh an dréacht seo ar fáil le haghaidh comhairliúcháin phoiblí go luath i 2022.
Chun tuilleadh 'Ceisteanna agus Freagraí' a fháil cliceáil ar na naisc thíos:
Amlíne na bPríomhghníomhaíochtaí
Cruinniú na Meithleacha Forbartha - Samh 2020 ar aghaidh
Foilsiú na Treorach Eatramhaí - Ear 2022 – Noll 2021
Athfhorbairt an churaclaim OSPS/OCG - Sraith Shóisearach 2021-2022, Sraith Shinsearach agus Bunscoil 2023
Comhairliúcháin ar dhréacht-churaclam athbhreithnithe - leanúnach
Athbhreithniú OCG
Ar iarraidh an Aire Oideachais agus Scileanna, tugadh faoi athbhreithniú mór ar an OCG i mbunscoileanna agus in iarbhunscoileanna ó Mheitheamh 2018. Scrúdaíodh leis an athbhreithniú eispéireas na múinteoireachta agus na foghlama san OCG lena n-áirítear; an curaclam, an cur chuige i leith na foghlama, na tacaí atá riachtanach, agus bealaí chun eispéireas an OCG do dhaltaí a fheabhsú. Ghlac cuid mhaith daoine páirt san athbhreithniú, rud lena léirítear leibhéal na spéise atá ag daoine i ngné seo an oideachais. Bhí daltaí, tuismitheoirí, múinteoirí, ceannairí scoile, taighdeoirí agus eagraíochtaí páirteach san athbhreithniú d’fhonn an cineál eispéiris a bhí ag daoine óga ar an OCG a thuiscint.
Rinneadh an t-athbhreithniú i dhá chéim. Tharla an chéad chéim idir Meitheamh 2018 agus Márta 2019. Bhí rannpháirtíocht fhorleathan sa chéim seo den chomhairliúchán. De bhun an chomhairliúcháin fhairsing seo, chuir an CNCM Dréacht-Tuarascáil ar an Athbhreithniú ar Oideachas Caidrimh agus Gnéasachta (OCG) i mBunscoileanna agus in Iar-Bhunscoileanna ar fáil agus thosaigh sí ar an dara céim den chomhairliúchán ó Iúil go Deireadh Fómhair 2019.Bhí an comhairliúchán breise seo bunaithe ar mholtaí sa dréacht-Tuarascáil a chuimsigh; an chomhairle atá beartaithe maidir le cur chuige OCG amach anseo, moltaí maidir le forbairtí curaclaim amach anseo, na coinníollacha is gá le haghaidh OCG éifeachtach agus cúinsí eile. Éascaíodh aiseolas trí shuirbhé ar líne agus aighneachtaí scríofa.
Tuarascáil ar an Athbhreithniú ar Oideachas Caidrimh agus Gnéasachta (OCG)
Foilseofar leagan Gaeilge den Tuarascáil ar an Athbhreithniú ar Oideachas Caidrimh agus Gnéasachta (OCG) i mBunscoileanna agus in Iar-Bhunscoileanna go luath. Tá tuarascáil ar an Athbhreithniú ar Oideachas Caidrimh agus Gnéasachta (OCG) imBunscoileanna agus Iarbhunscoileanna ar fáil anseo.
Páipéar Taighde
Chun tacú le daoine a bhfuil suim acu san Athbhreithniú ar OCG, tá páipéar taighde scríofa ag an Ollamh Mark Morgan, Dr Seline Keating agus Dr Bernie Collins ar fáil anseo.
Guth na Mac Léinn
D'eagraigh an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige lá comhairliúcháin le 77 ionadaí ó Chomhairlí na nÓg. Tá tuairisc ghearr ar an gcomhairliúcháin le fail anseo.
Aighneachtaí Scriofa
Is cuid thábhachtach de phróiseas comhairliúcháin an CNCM iad na haighneachtaí scríofa.
Aighneachtaí scríofa ó chéim a haon anseo.
Aighneachtaí scríofa ó chéim a dó anseo.
Tá forbairt sna bunscoileanna lonnaithe anseo.
Tá forbairtí san An tSraith Shinsearach anseo.
Anois atá an Tuarascáil ar an Athbhreithniú ar Oideachas Caidrimh agus Gnéasachta (OCG) foilsithe, céard iad na chéad chéimeanna eile?
Foilsíodh an Tuarascáil ar an Athbhreithniú ar Oideachas Caidrimh agus Gnéasachta (OCG) i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna. Mar thoradh air sin, beidh dhá Mheitheal Forbartha, ceann le haghaidh na bunscoile agus ceann le haghaidh na hiar-bhunscoile, teacht le chéile. Tá na grúpaí sin ag díriú go háirithe ar thacaíocht ó thabhairt ó thaobh treoir eatramhach a fhorbairt chun tacú le teagasc OSPS/OCG i seomraí ranga bunscoile agus iar bhunscoile araon.
Ina theannta sin, tá an CNCM ag tabhairt aghaidh ar chuid de na riachtanais láithreacha a sainaithníodh tríd an athbhreithniú:
Cad atá á mhúineadh faoi láthair san OCG i mBunscoileanna agus Iar-bhunscoileanna na hÉireann?
Tá ábhar ag Éirinn faoi láthair ar a dtugtar Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte (OSPS), agus is dlúthchuid den ábhar seo é Oideachas Caidrimh agus Gnéasachta (OCG). Is cuid éigeantach den oideachas bunscolaíochta agus iar-bhunscolaíochta é OCG ó bhí na 1990 í déanacha ann. Chun breathnú ar na curaclaim OSPS/OCG, cliceáil ar an nasc cuí thíos
Iar-bhunscolaíocht - gearrchúrsa
An bhfuil curaclam nua OCG forbartha ag CNCM do bhunscoileanna agus d'iar-bhunscoileanna?
Níl, níor forbraíodh aon churaclam nua. Is ar bhonn comhoibrithe a dhéanfar an tasc a bhaineann le uasdátú an churaclaim reatha OSPS/OCG agus é ar aon dul le cur chuige comhpháirtíochta i leith forbairt curaclaim. Tá tuilleadh eolais ar na rannpháirtithe leasmhara ag: https://www.ncca.ie/ga/faoin-gcuraclam/comhairle-2019-2022.
Cé aige a mbeidh ionchur i bhforbairt curaclam uasdátaithe?
Nuair a fhorbrófar dréacht-churaclam uasdátaithe do OSPS/OCG, déanfar é de réir a chéile trí ghnáthstruchtúir forbartha curaclaim CNCM ina gcuimsítear ionadaithe ó na croípháirtithe leasmhara oideachais uile. Áirítear orthu seo Grúpaí Tuismitheoirí, Ceardchumainn Múinteoirí, forais Bhainistíochta Scoile, an Roinn Oideachais agus daoine a bhfuil saineolas cuí acu.
Le linn forbairt curaclam uasdátaithe OSPS/OCG, beidh tuilleadh comhairliúcháin ann le páirtithe leasmhara agus leis an bpobal agus déanfaidh CNCM poiblíocht faoi seo ar an suíomh gréasáin seo agus trí mheáin eile.
Cad é mar is féidir le tuismitheoirí bheith páirteach sa phróiseas forbartha?
Is iad na tuismitheoirí príomhoideachasóirí a gcuid páistí agus is páirtithe tábhachtacha iad sa phróiseas oideachais i scoileanna. Leanfaidh an CNCM dá chinntiú go mbíonn tuismitheoirí rannpháirteach sa chomhrá agus sa chomhairliúchán de réir mar a thiocfaidh forbairtí OSPS/OCG chun cinn. Éascófar é seo trí réimse de chórais - trína bheith ag obair i bpáirt le grúpaí ionadaíochta, trí chruinnithe fócasghrúpaí agus grúpaí comhairleacha agus trína thuilleadh comhairliúcháin phoiblí a ndéanfar poiblíocht ina leith trí shuíomhanna gréasáin agus trí chainéil meáin shóisialta agus meáin eile.
Cé na topaicí a theagascfar agus ag cén aois a theagascfar iad?
Pléifear agus socrófar sceideal na dtopaicí agus nuair a theagascfar iad trí ghnáthphróisis CNCM. Baineann sé seo le Grúpa Forbartha ar a gcuimseofar múinteoirí, cigirí de chuid na Roinne Oideachais agus Scileanna agus saineolaithe i réimse an OSPS/OCG. Is ar bhonn comhpháirtíochta a oibríonn an Grúpa Forbartha chun sonraíochtaí curaclaim a fhorbairt agus, i gcás an OSPS/OCG, an sceideal topaicí a shocrú agus cén uair a bheidh siad le teagasc. I measc na bprionsabal a bheidh mar bhunchloch ag gach plé beidh an fheasacht gur chóir topaicí a theagasc ar dhóigh aoisoiriúnach, íogair agus diaidh ar ndiaidh. Tá tuilleadh eolais ar phróisis forbartha CNCM ag
https://www.ncca.ie/ga/faoin-gcuraclam/boird-agus-gr%C3%BApa%C3%AD-forbartha.
An mbeidh deiseanna eile ann mo thuairimí ar OCG a chomhroinnt
Beidh, le linn forbairt curaclaim éascófar de thoradh chomhairliúcháin tuilleadh deiseanna chun tuairimí a chomhroinnt.
Cén áit ar féidir liom teacht ar eolas cothrom le dáta ar fhorbairtí OCG?
Trí shuíomh gréasáin agus cainéil meáin shóisialta CNCM a uasdátófar go rialta. Féadann tú fosta r-phost a chur chuig info@ncca.ie má tá ceisteanna sainiúla agat a bhaineann le OCG.
© 2025 An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta. Gach ceart ar cosaint.