Tabharfaidh an CNCM treoir agus comhairle ar fhorbairt ghearrchúrsa amháin in aghaidh na scoile ag trí phríomhchéim san fhorbairt:
Tar éis an doiciméad scóipe a chríochnú
Tar éis dréacht a haon den ghearrchúrsa a scríobh, inar glacadh san áireamh an t-aiseolas ón CNCM ar an doiciméad scóipe
Tar éis dréacht a dó a scríobh, arís ag glacadh san áireamh aiseolas ón CNCM
Agus iad ag forbairt gearrchúrsaí féadfaidh scoileanna iad a cheapadh go hiomlán ó bhonn, é sin nó feadfaidh siad socrú ar obair a dhéanamh le gníomhaireachtaí seachtracha ar nós eagraíochtaí neamhrialtasacha (ENRnna) nó comhlachtaí reachtúla chun iad a fhorbairt.
Céimeanna le glacadh ag scoileanna agus iad ag forbairt gearrchúrsaí don tsraith shóisearach
Agus do scoil ag ullmhú chun gearrchúrsa a fhorbairt moltar duit na céimeanna seo a leanas a ghlacadh:
Céim 1: Léitheoireacht agus taighde
Bí cinnte go bhfuil tú eolach ar Creat don tSraith Shóisearach
Tabhair spléachadh ar Gearrchúrsaí a forbraíodh ag an CNCM go bhfeicfidh tú conas a úsáideadh na treoirlínte agus an teimpléad chun na gearrchúrsaí seo a fhorbairt.
Léigh an doiciméad aon leathanaigh dár teideal Ag Smaoineamh ar Ghearrchúrsaí
Céim 2: Smaoinigh ar an ngearrchúrsa atá á mholadh i gcomhthéacs do scoile agus riachtanais agus suimeanna do scoláirí
Téigh i gcomhairle le baill foirne, scoláirí, tuismitheoirí, ranna ábhair bainteacha agus daoine eile faoin ngearrchúrsa atá tú a mholadh
Céim 3: Breathnaigh ar na hábhair tacaíochta atá ag an CNCM chun gearrchúrsa a fhorbairt
Léigh Treoirlínte an CNCM le haghaidh gearrchúrsaí a fhorbairt do Leibhéal 2 agus/nó Leibhéal 3 agus Teimpléad Leibhéal 2 agus/nó Teimpléad Leibhéal 3
Breathnaigh ar ghearrchúrsaí an CNCM mar eiseamláirí
Céim 4: Bain úsáid as an doiciméad scóipe
Anois tá tú réidh chun an doiciméad scóipe a fhorbairt le haghaidh Leibhéal 2 agus/nó Leibhéal 3 mar a dtugann tú le cheile na smaointe móra ar fad don chúrsa seo i gcomhar le daoine bainteacha eile i do scoilphobal.
Seolann an príomhoide an gearrchúrsa nua chuig an CNCM trí r-phost chuig: gearrchúrsa@cncm.ie le haghaidh a athbhreithnithe agus comhairle SULA dtéann tú níos faide sa phróiseas. Níor chóir gur faide ná seacht leathanach an fhoirm aighneachta ag tús an doiciméad scóipe agus an doiciméad comhlánaithe é féin.
Céim 5: Déan forbairt, athmhachnamh agus beachtú
Úsáideann an scoil comhairle an CNCM chun an chead dréacht den ghearrchúrsa a fhorbairt agus seolann príomhoide é sin isteach chuig an seoladh r-phoist céanna
Déanfaidh an CNCM athbhreithniú ar an dréacht agus arís úsáidfidh an scoil an chomhairle sin chun dréacht deiridh a fhorbairt
Scríobhann an scoil an dréacht deiridh agus cuirtear isteach í chuig an CNCM don athbhreithniú deiridh
Comhairle thábhachtach:
Is smaoineamh maith é scéim phíolótacha dhéanamh leis an ngearrchúrsa – nó codanna de – le grúpa beag scoláirí agus a rath a mheas sula gcuirtear é faoi bhráid ghrúpa níos mó
Tuairiscíonn scoileanna a d’fhorbair a ngearrchúrsaí féin gur próiseas tairbheach é ach go nglacann sé a lán ama. De réir ár dtaithí le scoileanna thiocfadh leis glacadh suas le 12 mhí chun ceann a fhorbairt
Is fearr gearrchúrsa a fhorbairt i gcomhar le daoine eile. Tugann sé sin seans chun plé a dhéanamh agus na tascanna pleanála a chomhroinnt. Forbraíonn sé freisin cumas na múinteoirí atá bainteach leis chun a gearrchúrsa a theagasc nuair a bhíonn sé réidh
Moltar do scoileanna an tacaíocht a fháil chun gearrchúrsa a fhorbairt a chuireann Seirbhís Tacaíochta na Sraithe Sóisearaí do Mhúinteoirí (SSM) ar fáil.
Formhuiniú Gearrchúrsaí
Ní hé ár bpolasaí é formhuiniú a dhéanamh ar ábhair oideachasúla nó ar ‘phacáistí’ a bhaineann le gearrchúrsaí, mar sin de iarraimid ort gan lógó an CNCM a úsáid ar ábhair fhoilsithe a bhaineann leis an ngearrchúrsa seo. B’fhéidir gur mhian leat an tacaíocht a thug an CNCM chun an gearrchúrsa a fhorbairt a aithint. Más ea, mholfaimis an fhoclaíocht seo a leanas a úsáid:
Forbraíodh an gearrchúrsa seo de réir theimpléad agus threoirlínte an CNCM.