Foilsíodh socruithe leasaithe i mí Aibreáin 2021 do chomhlíonadh Measúnuithe Rangbhunaithe le haghaidh scoláirí atá dara bliain faoi láthair. Aithnítear sna socruithe sin na bristeacha foghlama a bhain do scoláirí sa bhliain 2020 agus arís sa bhliain 2021. Soláthraítear solúbthacht leo do scoileanna chun cinneadh a dhéanamh an gcomhlíonfar measúnú rangbhunaithe amháin nó dhá cheann i ngach aon ábhar, i bhfianaise na bhfachtóirí ag éirí as paindéim COVID-19 agus a dtionchar ar scoláirí agus ar scoileanna, arb éagsúil ó scoil amháin go chéile iad. Táthar tar éis príomhdhátaí do chomhlíonadh na measúnuithe rangbhunaithe ag an gcohórt scoláirí sin a shíneadh freisin. Le haghaidh tuilleadh eolais, cliceáil anseo.
© 2025 An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta. Gach ceart ar cosaint.