Is cuid thábhachtach dár gcuid oibre é an comhairliúchán. Cuireann an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) comhairle ar an Aire Oideachais agus Scileanna faoi churaclam agus faoi mheasúnú don oideachas luathóige, bunscoile agus iar-bhunscoile. Bíonn tionchar ag an aiseolas a fhaightear ó chomhairliúcháin leis an bpobal, scoileanna, suíomhanna luathóige, leasanna oideachasúla agus dreamanna eile ar an gcomhairle sin. Déantar an comhairliúchán a bhainistiú trí uirlisí, aighneachtaí agus fócasghrúpaí ar líne.
© 2025 An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta. Gach ceart ar cosaint.