NCCA logo NCCA logo

An Fhaisnéis is Déanaí: COVID-19

CNCM An Fhaisnéis is Déanaí: COVID-19

I bhfianaise an fhógra maidir le dúnadh scoileanna, suíomhanna luath-óige, suíomhanna breisoideachais agus ardoideachais, agus réimse beart eile chun dul i ngleic le scaipeadh COVID-19, chuir an Roinn Oideachais agus Scileanna páirtithe leasmhara an oideachais, agus an pobal i gcoitinne, ar an eolas go leanfaidh an Roinn agus na gníomhaireachtaí a bhaineann léi ag tacú le hearnáil an oideachais le linn na tréimhse seo.


I gcomhréir leis na bearta a leag an Rialtas amach, cuireadh ar chumas fhoireann CNCM oibriú ón mbaile agus beidh siad ar fáil le hoibriú ar chúrsaí curaclaim agus measúnaithe ag leibhéil luathóige, bunscoile agus iar-bhunscoile le linn na tréimhse dúshlánaí seo. Leanfaidh an fhoireann ag cur na seirbhísí corparáideacha cuí ar fáil, lena n-áirítear ceisteanna a fhreagairt, íocaíochtaí a phróiseáil, srl.

Cruinnithe agus imeachtaí

Cuireadh gach cruinniú de choistí CNCM – An Chomhairle, na Boird agus Grúpaí Forbartha san áireamh – ar ceal go dtí go bhfógrófar a mhalairt. Reáchtálfar agus óstálfar cruinnithe níos lú le comhghleacaithe agus le comhpháirtithe oideachais ar líne de réir mar is cuí.

Cuireadh imeachtaí mórscála amhail comhdhálacha, seimineáir, agus cruinnithe líonraí scoile ar ceal i gcomhréir le comhairle an Rialtais agus déanfar iad a athsceidealú le haghaidh dátaí amach anseo.

Foghlaim ar Líne nuair atá Scoileanna Dúnta

Is féidir rochtain a fháil anseo ar acmhainní agus uirlisí a chuideoidh le scoileanna, múinteoirí agus tuismitheoirí fad is a bheidh na scoileanna dúnta.

Teagmháil a dhéanamh le CNCM

Féadfar teagmháil a dhéanamh le CNCM ar ár ríomhphost info@ncca.ie agus féachfaidh ball d'fhoireann CNCM ar do cheist a luaithe agus is féidir.

Is féidir glaoch ar CNCM ar 01 6617177 fós.

Faisnéis faoi COVID-19

Tá leathanach gréasáin ag an Roinn Oideachais agus Scileanna atá tiomnaithe don scéal seo agus ar a gcuirtear an fhaisnéis is déanaí agus is cuí ar fáil d’eagraíochtaí agus suíomhanna oideachais. 
education.ie/covid19

Eiseoidh an Roinn Oideachais agus Scileanna foláirimh ar Twitter freisin:

@education_Ire

Ba cheart monatóireacht a dhéanamh ar na cuntais Twitter seo a leanas chun an nuacht is déanaí a fháil maidir le COVID-19:

@HSELive

@hpscireland

@roinnslainte

@CMOireland

Is féidir leat an nuacht agus na forbairtí is déanaí de chuid CNCM a fháil ach muid a leanúint ar Twitter, @NCCAie agus ar Facebook.