NCCA logo NCCA logo

Ag aistriú go dtí an bhunscoil

Is tréimhse thábhachtach agus bhríomhar don pháiste, agus go deimhin don teaghlach, nuair a aistríonn an páiste ón réamhscoil go dtí an bhunscoil. Mo Scéal: Cabhraíonn ‘Ag aistriú ón réamhscoil go dtí an bhunscoil, 2021’ le tuismitheoirí / caomhnóirí faisnéis áisiúil a roinnt le múinteoir na naíonán sóisearach maidir le foghlaim agus forbairt a bpáiste.

Tá go leor gníomhaíochtaí ann is féidir le tuismitheoirí / caomhnóirí a dhéanamh chun tacú lena bpáiste agus é nó í ag fáil faoi réir le tosú sna naíonáin shóisearacha. Seo a leanas liosta d’acmhainní le haghaidh tuismitheoirí / caomhnóirí.

Cabhróidh an bhileog faisnéise seo a leanas le tuismitheoirí / caomhnóirí faisnéis áisiúil maidir lena bpáiste a roinnt le múinteoir na naíonán sóisearach. Cabhraíonn an fhoirm Mo Scéal le scéal an pháiste a insint: na rudaí is maith nó nach maith leis an bpáiste, na rudaí ar spéis leis nó léi, na láidreachtaí atá aige nó aici agus na rudaí a mbíonn deacrachtaí aige nó aici leo. Ní gá do thuismitheoirí / chaomhnóirí an bhileog faisnéise sin a chomhlánú ach má chinntear é sin a dhéanamh, is féidir í a thabhairt don mhúinteoir.