NCCA logo NCCA logo

Ag aistriú ar an réamhscoil

Is tréimhse thábhachtach agus bhríomhar don pháiste, agus go deimhin don teaghlach, nuair a thosaíonn an páiste ar an réamhscoil. Mo Scéal: Cabhraíonn ‘Ag tosú ar an réamhscoil, 2021’ le tuismitheoirí / caomhnóirí faisnéis áisiúil a roinnt leis an réamhscoil maidir le foghlaim agus forbairt a bpáiste.

Tá go leor gníomhaíochtaí ann is féidir le tuismitheoirí / caomhnóirí a dhéanamh chun tacú lena bpáiste agus é nó í ag fáil faoi réir le tosú ar an réamhscoil. Seo a leanas liosta d’acmhainní le haghaidh tuismitheoirí / caomhnóirí.

Cabhróidh an bileog faisnéise seo a leanas le tuismitheoirí / caomhnóirí faisnéis áisiúil maidir lena bpáiste a roinnt leis an réamhscoil. Cabhraíonn an fhoirm Mo Scéal le scéal an pháiste a insint: na rudaí is maith nó nach maith leis an bpáiste, na rudaí ar spéis leis nó léi, na láidreachtaí atá aige nó aici agus na rudaí a mbíonn deacrachtaí aige nó aici leo. Ní gá do thuismitheoirí / chaomhnóirí an bhileog faisnéise sin a chomhlánú ach má chinntear é sin a dhéanamh, is féidir í a thabhairt don réamhscoil.